Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 26:23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Go ccúitiġiḋ an TIĠEARNA re gaċ éanduine a ḟíréantaċd agus a ionurniceas: óir ṫug an TIĠEARNA ṫusa am láiṁsi a niuġ, aċ níor ḃáill líom mo láṁ do ṡíneaḋ amaċ a naġaiḋ ungṫaiḋ an TIĠEARNA.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 26:23
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do lúaċuiġ an TIĠEARNA mé do réir mfíreantaċda: do réir ġloine mo láṁ do ċúitiġ sé riom.


Ar a naḋḃarsin do ċúitiġ an TIĠEARNA riom do réir mfíréantaċda; do réir mo ġloine a raḋarc a ṡúl.


Ann sin cluinsi a ḃflaiṫeaṁnuis, agus déana breiṫeaṁnus dot ṡerḃiseaċaiḃ, ag damnuġaḋ an ċiontuiġ, do ṫaḃairt a ṡlíġeaḋ ar a ċeann féin; agus do ġlanaḋ a nfíréin, ag taḃairt dó do reir a ionracuis.


Cuiṁniġ misi, ó mo Ḋía, dá ṫáoḃ so, agus ná scrios amaċ mo ḋeiġġníoṁarṫa do rinne mé ar son ṫiġe mo Ḋé, agus ar son a oifigeaċ sin.


Oír aíseogṫar don duine a obair féin, agus do ḃéara air gaċ aonduine go ḃfuiġe do réir a ṡliġṫeaċ.


Mar an ccéadna is leátsa, a ṪIĠEARNA, trócaire: óir do ḃéarair don duine do réir a oibre.


Os a ċionn sin, a aṫair, féuċ, féuċ fós, sciorta do róba am láiṁ: óir as so gur ġearr mé iaċtar do róba, agus nar ṁarḃ mé ṫú féin, aiṫin agus féuċ naċ ḃfuil olc nó urċóid am láiṁ, agus nar ċiontuiġ mé ad aġaiḋsi; aċd atá tusa ag fíaḋaċ ar manumsa ċum a ġaḃála.


Go ndéana an TIĠEARNA breiṫeaṁnus eadrumsa agus tusa, agus go ndioġla an TIĠEARNA misi ort: aċd ní ḃeanfa mo láṁsa riot.


Agus do ṫaisbein tú a niuġ a ḟeaḃus do fríṫ orumsa ṫú: an tan go ttug an TIĠEARNA ad láiṁ mé, agus nár ṁarḃ tú mé.


Oír má ḃeirionn duíne ar a náṁuid, an léigfe sé slán úaḋ é? uime sin go ttuga an TIĠEARNA a lúaċ maiṫeasa ḋuitse ar son a ndéarna tú orumsa a niuġ.


Nár leígiḋ an TIĠEARNA go sínfinnsi amaċ mo láṁ a naġaiḋ ungṫaiġ an TIĠEARNA: aċ, guiḋim ṫusa anoís, glac an gaṫ atá agá ċéannaḋairt, agus an cruisgín uisge, agus bíom ag imṫeaċd.


Agus do ḟreagair Dáiḃi agus a duḃairt, Féuċ gaṫ an ríġ! tigeaḋ duine do na hóganaċaiḃ a nall agus beireaḋ leis é.


Agus a duḃairt Dáiḃi re Abisai, Ná marḃ é: óir cía ḟéadus a láṁ do ṡíneaḋ amaċ a naġaiḋ úngṫuíḋ an TIĠEARNA, agus ḃeiṫ neiṁċiontaċ?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ