Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 26:21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 ¶ Ann sin a duḃairt Saul, Do ṗeacaiḋ mé; fill, a ṁic a Ḋáiḃí: óir ní ḋéansa doċar ḋuit ní ḃus mó, do ċionn go raiḃ manum mórluaiġ ad raḋarc a niuġ; féuċ, do rinné mé amadánaċd, agus do ċúaiḋ me ar seaċrán go hiomarcaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 26:21
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus do ċuir a rís caiptín an treas cáoguid gun a ċáogad. Agus do ċúaiḋ an treas caiptín cáoguid súas, agus ṫáinic sé agus do léig é féin ar a ġlúiniḃ a ḃfíaġnuise Elias, agus do ġuiḋ é, agus a duḃairt ris, Oh a óglaiċ Dé, guiḋim ṫú, bíoḋ manumsa, agus anum an ċáogaidsi do ṡeirḃisiġ, mórlúaiċ ann do raḋarc.


Féuċ, ṫáinic teine a núas ó neaṁ, agus do loisg sí an dá ċeádċaiptín caógad maille re na gcáogaduiḃ: ar a naḋḃarsin bíoḋ manumsa a nois mórlúaiċ ann do raḋarc.


Is mórluáiġ a ḃfíaġnuise an TIĠEARNA bás a náoṁ.


(Oír atá fúasglaḋ a nanma coṁmórluáiġ sin, agus coisgfiḋ go bráṫ:)


O ṁeallaḋ agus ó ḟoiréigion fuáisceoluiḋ sé a nanam: agus buḋ dáor a ḃfuil iona raḋarc.


Agus do ċuir Ṗárao, fios ar Ṁaóisi agus air Aáron, agus do ráiḋ riú, Do ṗeacuiḋ mé a nuairsi: atá an TIĠEARNA firéunta, agus átaimsi agus mo ṁuinntir go holc.


Agus a duḃairt Bálaam re haingeal an TIĠEARNA, Do ṗeacaiḋ mé; óir ní raiḃ a ḟios agam gur ṡeas tusa annsa tsliġe am aġuiḋ: nime sin annois, muna buḋ toil leaċd é, fillfe misi ar mais a rís.


Ag ráḋ, Do ṗeacaiġ mé ag braṫ na fola neiṁċiontaiġ. Aċd a duḃradarsan, Créd é sin dúinne? Féuċ féin dó sin.


Agus a duḃairt Samuel re Saul, Do rinne tú so go leaṁ: agus níor ċoiṁéad tú aiṫne do ṪIĠEARNA Dé, noċ do aiṫin sé ḋíot: óir anois do ḋaingneoċaḋ an TIĠEARNA do rioġaċd air Israel go bráṫ.


¶ Agus a duḃairt Saul re Samuel, Do ṗeacaiḋ mé: óir do ṡáruiġ mé aiṫne an TIĠEARNA, agus do ḃriaṫrasa: do ċionn gur raiḃ eagla an ṗóbail orm, agus gur áontoiġ mé ḋá nglor.


Ann sin a duḃairt sé, Do ṗeacaiḋ mé: giḋeaḋ guiḋim ṫú, onóruiġ mé anois, roiṁe ṡeanuiḃ mo ṗobail, agus roiṁe Israel, agus iompoiġ liom a rís, go naḋraiḋ mé do ṪIĠEARNA Día.


Ann sin do ċúadar prionnsuiḋe na Ḃṗilistineaċ amaċ: agus tárla, a nuáir do ċúadar na Ṗilistiniġ amaċ, gur íomċair Dáiḃi é féin ní buḋ feárr ná searḃḟoġantuiġe Ṡauil uile; ionnus go raiḃ a ainm ro oirḋeirc.


Agus a duḃairt sé re Daiḃi, Is fíreanta ṫusa ná misi: óir do ċúitiġ tusa misi le maiṫ, a náit a nuílc do rinne mé ort.


Agus do ḟreagair Dáiḃi agus a duḃairt, Féuċ gaṫ an ríġ! tigeaḋ duine do na hóganaċaiḃ a nall agus beireaḋ leis é.


Agus, féuċ, mar do ḃí hanum ro úasal am raḋarcsa a niuġ, gur marsin ḃías manumsa mórluáiġ a suiliḃ an TIĠEARNA, agus go sáoruiḋ sé mé ó nuile ṫrioblóid.


Agus do hinnseaḋ do Ṡaul gur ṫeiṫ Dáiḃí go Gát: agus níor ġluáis sé níos mó dá lorgaireaċd.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ