20 Anois uime sin, ná dóirtear mfuil fá ṫaluṁ a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA: óir ṫáinic ríġ Israel amaċ díarruiġ dearnaide, mar do ní duine fíaḋaċ ar ṗaitrisg ansna sléiḃtiḃ.
¶ Féuċ, cuirfe mé fios air ṁórán íascaireaḋ, a deir an TIĠEARNA, agus géaḃuid siad íad; agus na ḋíaiġsin cuirfiḋ mé fios ar ṁórán sealgaireaḋ, agus do ḋéanaid a ḃfíaḋaċ ó gaċ uile ṡlíaḃ, agus ó gaċ uile ċnoc, agus a maċ as polluiḃ na ccarrac.
Agus an feaḋ do ḃí sé ag ráḋ ná ṁríaṫarsa, féuċ, táinic Iúdas, duine don dá ḟear ḋég, agus cuideaċda ṁór na ḟoċair maille lé cloiḋṁiḃ agus lé batuiḋiḃ, ó úaċdaránuiḃ na sagart, agus ó ṡinnsearuiḃ an ṗobail.
A duḃairt Iósa ris an tslúaġ a núairsin, Tangaḃair a maċ aṁuil ċum bioṫuṁnaiġ le cloiḋṁe agus lé batuiḋe dom ġlacaḋsa? do ḃínn am ṡuiḋe gaċ áon lá eadruiḃ sa teampoll ag teagasg, agus ní rugaḃair oram.
Os a ċionn sin, a aṫair, féuċ, féuċ fós, sciorta do róba am láiṁ: óir as so gur ġearr mé iaċtar do róba, agus nar ṁarḃ mé ṫú féin, aiṫin agus féuċ naċ ḃfuil olc nó urċóid am láiṁ, agus nar ċiontuiġ mé ad aġaiḋsi; aċd atá tusa ag fíaḋaċ ar manumsa ċum a ġaḃála.
Ar a naḋḃarsin bíoḋ an TIĠEARNA na breiṫeaṁ, agus beireaḋ sé breaṫ eadrumsa agus tusa, agus go féuċiḋ, agus go ttagruiḋ mo ċúis, agus go sáoruiḋ sé mé amaċ as do láiṁse.
Giḋeaḋ déirġe duine dot inġreim, agus díarruiḋ do ḃaís: aċd biáiḋ anum mo ṫiġearna ceangailte a gceanglaċán na beaṫa a ḃfoċair do ṪIĠEARNA Día; agus anmánna do náṁad, a síad ṫeilgfios sé amaċ, aṁuil as lár ċránn táḃuill.