Do ṫoġ Saul ḋó féin trí ṁíle fear do Israel; ionnus go mbeidís ḋá ṁile fear ḋíoḃ a ḃfoċair Ṡauil a Miċmas agus a slíaḃ Ḃétel, agus míle ag Ionatan a Ngibeah Ḃeniamin: agus do ċuir sé an ċuid oile don ṗobal gaċ éan duine ḋá ait féin.
Agus ṫainic sé do na tiġṫiḃ cáoraċ láiṁ ris an tsliġe, mar a raiḃ uáiṁ; agus do ċuáiḋ Saul a steaċ dfolaċ a ċos: agus do ḃí Dáiḃi agus a ṁuinntir a ttaoḃ na húaṁa.