¶ Agus a nuáir do ionnsiodar sin do Iotam, do ċuáiḋ sé agus do ṡeas sé a mullaċ ṡléiḃe Gerisim, agus do árduiġ sé a ġuṫ, agus dó eiġ sé, agus a duḃairt ríu, Eistiġ riomsa, a ṁuinntir Sċeċem, ċor go néistfe Día riḃsi.
¶ Déiriġ Daiḃi mar an gcéadna na ḋiaiġsin, agus do ċuáiḋ amaċ as a núaṁuiġ, agus do ġoir a ndiáiġ Ṡauil, ḋá ráḋ, Mo ṫiġearna an ríġ. Agus a núair dféuċ Saul na ḋiáiġ, do ċrom Dáiḃi maille re na aġaiḋ faoi ċum na talṁan, agus duṁluiġ sé é féin.
Mar sin do ṫóg Dáiḃi an gaṫ agus an crúisgín uisge ó ċeannaḋairt Ṡauil; agus do imṫiġeadar rompa, agus ní raiḃ éanduine ann do ċonnairc sin, nó agá raiḃ á ḟios, nó do ṁúscail: óir do ḃádar uile na gcoḋlaḋ; do ċionn gur ṫuit súan trom ón TTIĠEARNA órra.
Ann sin do ġoir Dáiḃí air an tslúaġ, agus air Abner ṁac Ner, ġa ráḋ, Naċ ḃfreagrann tú, a Abner? Ann sin do ḟreagair Abner, agus a duḃairt, Cía ṫusa ḃéiceas air ann ríġ?