Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 26:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Os a ċíonn sin a duḃairt Dáiḃi, Mar ṁairios an TIĠEARNA, buailfiḋ an TIĠEARNA é; nó tiucfa a lá a ḃfuiġe sé bás; nó raċaiḋ sé síos a gcaṫ, agus tuitfe sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 26:10
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḋruid aimsir ḃáis Israel a ngar: agus do ġoir sé a ṁac Ióseṗ, agus a duḃairt sé ris, Má fuair mé anois grása ad raḋarc, íarruim mar aṫċuinġe ort, cuir do láṁ fáoim laḋairg, agus déana do cinealta fírinneaċ riom; iárruim daṫċuinġe ort, ná haḋlaic mé sa Négipt;


Má ġeiḃ duine bás, an mbiáiḋ sé béo a rís? fuireoċuiḋ mé lé huile láeṫiḃ maimsire cinnte, nó go ttí mo ṁalairt.


O ċítear gur cinneaḋ a láeṫe, atá uiḃir a ṁíos agadsa, dórduiġ tú a ṫóronna naċ ḃféadann sé dul ṫársa;


Naċ ḃfuil aimsir ċinnte ag an nduine air an ttaluṁ? naċ ḃfuilid a láeṫe fós cosṁuil re láeṫiḃ ḟir túarustuil?


Agus fós beagán, agus ní ḃiáiḋ an cionntaċ ann: measfa tú go dúṫraċdaċ a ionad, agus ní ḃfuil sé ann.


Do ḋéana an TIĠEARNA gáire uime: óir do ċí go ttiucfaiḋ a lá.


Agus fillfe sé orra féin a gcionta agus ann a nurċóid géarrfa sé amaċ íad; scriosfa an TIĠEARNA ar Ndía íad.


Aimsior ċum beirṫe, agus aimsir dfaġáil ḃáis; aimsir do ṗlannduġaḋ, agus aimsir ċum an neiṫe do plannduiġeaḋ do ṫarruing súas;


A né naċ déana Diá dioġaltas ar son a ḋáoine toġṫa féin, éiṁġeas air do lá agus doiḋċe, ge atá foiġid aige na ttimċeall?


A ċairde gráḋaċa, ná déunaiḋ dioġaltus ar ḃur son féin, aċd fanaiḋ ris an ḃfeirg: óir atá sgríoḃṫa, Is leamsa an dioġaltus; do ḃéura mé cúitiuġaḋ uáim, a deir an Tiġearna.


¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Féaċ, atáid do láeṫe a ngar ḋuit a ccaiṫfiḋ tú bás dfaġáil: goir Iosua, agus taisbéanuiḋ siḃ féin a ttabernacuil an ċoṁċruinniġ, ċor go ttiuḃra misi cúram ḋó. Agus do imṫíġ Maóise agus Iosua, agus do ṫaisbéanadar íad féin a ttabernacuil an ċoṁċruinniġ.


Riomsa ḃeanas an dioġaltas, agus an luaġáir; sleiṁneoċuiḋ a ccos na ham féin: oir atá lá a mbuaiḋearṫa a laṫair, agus atáid na neiṫe ṫiucfas orra ag déanaṁ deiṫnis.


Oir as aiṫniġ ḋúinn an tí a duḃairt, Is leamsa dioġaltus do ḋéunaṁ, do ḃéur cúitiuġaḋ uáim, a deir an Tiġearna. Agus a rís, Do ḋéana an Tíġearna breiṫeaṁnus ar a ṗobal.


Agus aṁuil atá a ndán do ḋaóiniḃ bás dfaġáil áonuáir aṁáin, agus na ḋiáiġ sin an breiṫeaṁnus:


Uime sin a náon lá aṁáin tiucfuid a pláġa, bás agus doilġeas, agus gorta; agus loisgfiġṫear í ré téine: óir is neartṁar an Tíġearna Día ḃéuras breaṫ ḋamnuiġe uirrṫe.


Go ndéana an TIĠEARNA breiṫeaṁnus eadrumsa agus tusa, agus go ndioġla an TIĠEARNA misi ort: aċd ní ḃeanfa mo láṁsa riot.


Ar a naḋḃarsin bíoḋ an TIĠEARNA na breiṫeaṁ, agus beireaḋ sé breaṫ eadrumsa agus tusa, agus go féuċiḋ, agus go ttagruiḋ mo ċúis, agus go sáoruiḋ sé mé amaċ as do láiṁse.


Anois ar a naḋḃarsin, a Ṫiġearna, mar ṁaireas an TIĠEARNA, agus mar atá hánum beó, ó buḋ tóil leís an TTIĠEARNA ṫusa dfostaḋ gan teaċd do ḋórtaḋ fola, agus ṫú fein do ċóngṁáil ó ḋioġaltas do ḋéanaṁ le dó laiṁ féin, anois bídis do naiṁdese agus an ṁéid íarrus olc dom Ṫiġearna, mar Nábal.


Agus tárla táoḃ a stiġ do ḋeiċ lá na ḋiáiġ sin, gur ḃuáil an TIĠEARNA Nábal, agus go ḃfuáir se bás.


¶ Agus a núair do ċúaluiḋ Dáiḃi gur éug Nábal, a duḃairt sé, Go maḋ beannuiġ an TIĠEARNA, noċ do ṫagair cúis mo scanla as láiṁ Nábal, agus do ċonnuiṁ a ṡearḃḟoġantuiġ ó olc do ḋéanaṁ: óir dfill an TIĠEARNA urċóid Nábal ar a ċeann féin. Agus do ċuir Dáiḃí teaċda úaḋ, agus do ċoṁráiḋ sé ré Habigail, da gaḃáil ċuige na mnáói.


An sin a duḃaírt Saul re fear iomċarṫa a airm, Tarruing do ċloiḋeaṁ, agus saiṫ ṫríomsa é; deagla go dtiucfaḋ an drong neíṁṫimċillġéarrṫasa agus go muirtidís mé, agus go ndéanaidís sgige fúm. Aċ níor ḃáill le fear iomċarṫa a airm; óir do ḃí sé lán deagla. Uimesin do ġlac Saul cloiḋeaṁ, agus do ṫuit sé air.


Marsin déug Saul, agus a ṫríur mac, agus fear iomċarṫa á airm, agus a ḋáoine uile, an lá sin féin a neinḟeaċd.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ