41 Agus déiriġ sisi, agus do ċrom síos go taluṁ ar a haġaiḋ, agus a duḃairt, Féuċ, bíoḋ do ḃanóglaċ na serḃíseaċ do niġe ċos ṡearḃḟoġainteaḋ mo ṫiġearna.
Ar a raiḃ teisd ṁaiṫ as a deaġoibriġṫiḃ, má ġlac sí dáoine air aoiḋeaċd, má dionnuil sí cosa na náoṁ, má ṫug sí fóiriġṫin do luċd anṡoiġ, má lean sí do ġnáṫ gaċ déaġobair.
Ann sin do ṫuit sisi air a haġaiḋ agus do uṁluiġ sí í féin gus an ttalaṁ, agus a duḃairt ris, Cred fá ḃfuáir misi grása ann do raḋarc, as a mbéarṫá aiṫne orum, agus mé am ċoiṁiṫeaċ?
Ann sin a duḃairt sí, Faġaim faḃar ad laṫair, á ṫiġearna; do ċionn go ttúg tú sólás daṁ, agus gur laḃair tú go muinntearḋa red ṡeirḃiseaċ, matá naċ ḃfuilim cosṁuil re haon dot ċailiniḃ féin.
Agus a núair do ċonnairc Abigail Dáiḃi, do lúaṫuiġ sí uirre, agus do ṫuirling sí don nassal, agus do ṫuit ar a haġaiḋ a ḃtiaḋnuisi Ḋáiḃí, agus do ċláon í féin go taluṁ,