Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 25:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Anois do bé ainm an duine Nábal; agus ainm a ṁná Abigail: agus bá bean ḋeaġṫuigsionaċ í, agus sgíaṁaċ a ngnúis: áċd do ḃí an fear íargcúlta agus go holc iona ġníoṁarṫaiḃ; agus bá do ṫiġ Ċaleb é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 25:3
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tárla, a nuáir do ḃi sé ar teaċd a ḃfogus do ḋul a steaċ don Egipt, go nduḃairt sé re Sárai a ḃean, Féuċ annois, as aiṫne ḋaṁsa go ḃfúil tusa ad ṁnáoi sgiaṁaiḋ ré féaċúin ort:


Oír maóiḋiġ an ciontaċ fonn a ċroiḋe, agus beannuiġiḋ sé an sanntaċ, noċ ḟúaṫuiġios an TIĠEARNA.


Cuiriḋ gaċ aóinḃean ċríonna a tiġ súas: aċt leagaiḋ a namaid síos é le na láṁaiḃ féin.


Tiġ agus saiḋḃrios isé oiġreaċt a naṫar: agus is ón TTIĠEARNA atá an ḃean ġlic.


Ar son seirḃisiġ a nuáir ríaġlas sé; agus ar son amadáin a núair ḃios sé lán do ḃíaḋ;


Cía ḟéadas bean ṡuḃailceaċ dfaġáil? óir atá a lúaċ a ḃfad ós cionn péarlaḋ.


Oscluiḋ sí a béul re gliocus; agus iona teangaiḋ atá dliġeaḋ an ċinéultais.


Agus ṫug sé do Ċáleb ṁac Ieṗunneh a ċuid a measc ċloinne Iúdah do réir aiṫne an TIĠEARNA do Iosua, eaḋon caṫair Arba aṫair Anac, noċ ar ḃí an caṫair sin Hébron.


Anois ar a naḋḃar sin bióḋ a ḟios agad agus meas cred ḋéanas tú; óir do cínneaḋ olc a naġaiḋ ar maiġistir, agus a naġaiḋ a ṫiġe uile: óir sé a leiṫeíd sin do ṁac do Ḃélial é, naċ ḃféadann duine laḃaírt ris.


Guiḋim ṫú, na tugaḋ mo ṫiġearna, toraḋ ar an té so do ṁuinntir Ḃélial, eaḋon Nábal: óir mar atá a ainm, is marsin atá sé feín; Nábal is ainm ḋó, agus leiṁe atá aige: aċd misi do ḃanóglaċ ní ḟaca mé ógánuiġ mo ṫiġearna noċ do ċuir tú úait.


¶ Agus do ċúalaiḋ Dáiḃi annsa ḃfasaċ gur ḃearr Nábal a ċaóiriġ.


Ṫugamar ionnsuiġe ar an ttáoḃ ó ḋeas do na Ċeretíteaċaiḃ, agus ar na gcósta ḃeanas ré Iúdah, agus ar an ttáoḃ ó ḋeas do Ċáleb; agus do loisgeamar Siclag le teine.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ