Naċ déarna túsa fál na ṫimċioll, agus a ttimċioll a ṫiġe, agus timċioll a nuile ní da ḃfuil aige aír gaċ aon táoḃ? do ḃeannuiġ tú oibreaċa a láṁ, agus do ṁéaduiġ tú a ṁaóin annsa tír.
Agus do ḋéana misi ḋíotsa don ṁuinntirsi balla cúṁdaiġ práis: agus troidfid riotsa, aċd ní ḃéuruid buáiḋ ort: óir atáimsi leaċd dot ċáḃair agus dot ṡáoraḋ, a deir an TIĠEARNA.
Anois ar a naḋḃar sin bióḋ a ḟios agad agus meas cred ḋéanas tú; óir do cínneaḋ olc a naġaiḋ ar maiġistir, agus a naġaiḋ a ṫiġe uile: óir sé a leiṫeíd sin do ṁac do Ḃélial é, naċ ḃféadann duine laḃaírt ris.