Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 24:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus a duḃairt Dáiḃi re Saul, Créd fa gcreideann tú bríaṫra ḋaóine, a deir, Féuċ, atá Dáiḃi ar tí hurċóide?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 24:9
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An té scannluiġios a ċoṁarsa ós isiol, géarrfad eision amaċ: an tárraċta a raḋarc agus an tuáiḃreaċ a ccroiḋe leision ní ḟéaduim iomċar.


Mar ḃéid a mbreiṫeaṁuin ar na tteilgionn síos lé táoḃuiḃ na cairge, annsin cluinfid mo ḃríaṫrasa; óir is aóiḃinn íad.


Síolċuiriḋ an duine ceannairgeaċ imreasuin: agus dealuiġiḋ an cogarnaċ na cáirde disle ó ċéile.


Do ḃeir fear déanta a nuilc aire do na béuluiḃ bréagaċa; agus do ḃeir an bréagaċ aire do ḋroiċṫeangaiḋ.


Bíd bríaṫra an ċogarnuiġ aṁuil cneaḋa, agus tíaġaid síos a ḃfíríoċtar an ḃuilg.


Cuiriḋ an ġáoṫ ṫúaiġ a nfearṫuinn ar ccúl: marsin do ní an ġnúis ḟeargaċ an teanga iṫiomráiḋteaċ.


Fúaṫuiġ an teanga ḃréagaċ an drong dá ndéin sí doċar; agus oibriġ an béul spleaḋaċ millteaċus.


Má éistionn úaċtarán ré bréagaiḃ, bíd a ṡeirḃísiġ uile go holc.


Tuilleaṁ oile a dúḃairt Ieremiah ris an ríġ Sedeciah, Cred do rinne misi ad aġaíḋsi, nó a naġaíḋ do ṡeirḃíseaċ, nó a naġaíḋ an ṗobailsi, as ar ċuireadar a bpríosún mé?


¶ Ní imeoċuiḋ tú síos agus súas aṁuil scéaluiġe a measg do ḋáoine: ní mó ṡeasfas tú a naġaiḋ ḟola do ċoṁarsann: misi an TIĠEARNA.


Agus as teine an teanguiḋ, doṁan na héugcora: as mar sin atá an teanguiḋ ar na suíġeaḋ a measg arm ball, go salċann an corp uile, agus go gcuireann air lasaḋ sdaid ar mbeaṫa ó ġeintear sinn; agus is ó ifrion lastar í.


Agus do ṫeiṫ Dáiḃi ó Naioṫ ann Rámah, agus a duḃairt sé a laṫair Ionatan, Cred do rinne me? cred í mo ċoir? agus cread é mo ṗeacaḋ a ḃfiaġnuise haṫair, as a ḃfuil sé ag íarruiġ mo ḃáis?


¶ Agus ar ball ar imṫiġ an buaċuill, déiriġ Dáiḃi ón ttaoḃ ó ḋeas, agus do ṫuit ar a aġaiḋ ċum na talṁan, agus do ċrom sé é féin trí huáire: agus do ṗógadar a ċéile, agus do ġuileádar le ċéile, nó gur ṡáruiḋ Dáiḃi.


Féuċ, a niuġ do ċonncadar do ṡúile féin mar ṫug an TIĠEARNA a niuġ am láiṁsi ṫú ansa núaṁuiġ: agus a duḃradar dáoine áiriġ riom do ṁarḃaḋ: aċd do ċoigil mo ṡúil ṫú; agus a duḃairt mé, Ní ċuirfe mé mo láṁ amaċ a naġaiḋ mo ṫiġearna; óir a sé ungṫaċ an TIĠEARNA é.


¶ Déiriġ Daiḃi mar an gcéadna na ḋiaiġsin, agus do ċuáiḋ amaċ as a núaṁuiġ, agus do ġoir a ndiáiġ Ṡauil, ḋá ráḋ, Mo ṫiġearna an ríġ. Agus a núair dféuċ Saul na ḋiáiġ, do ċrom Dáiḃi maille re na aġaiḋ faoi ċum na talṁan, agus duṁluiġ sé é féin.


Agus a duḃairt sé, Cred é an fáṫ as a ḃfuil mo ṫiġearna mar so ag foileanṁuinn a ṡearḃḟoġantuiġ? óir cred do rinne mé? nó cred an tolc atá am láiṁ?


Anois ar a naḋḃarsin, guiḋim ṫú, éisdeaḋ mo ṫiġearna an ríġ briáṫra a ṡearḃḟoġantuiġ. Mas é an TIĠEARNA do ċorruiġ súas am aġaiḋsi ṫú, glacaḋ sé ofráil ċuige: aċd mas íad clanna na ndáoine, go maḋ malluiġ íad a laṫair an TIĠEARNA; oir do ḋíbreadar misi amaċ aniuġ ó ḟanṁuin a noiġreaċd an TIĠEARNA, ġá ráḋ, Eiriġ, aḋair deé oile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ