7 Mar sin do ċoisc Dáiḃí a ṡearḃḟoġantuiġiḋ leis na bríaṫraiḃsa, agus níor léig ḋóiḃ éiriġ a naġaiḋ Ṡauil. Aċd déiriġ Saul amaċ as a núaṁaiġ, agus do ġluáis roiṁe iona ṡliġe.
Aċd a deirimsi riḃ, Bíoḋ gráḋ agaiḃ dá ḃur naíṁdiḃ, beannaiġiḋ na dáoine ṁallaiġeas siḃ, deunaiḋ maiṫ do na dáoiniḃ ait ar beag siḃ, agus deúnaiḋ urnaiġṫe ar son na muinntire ḃuaiḋreas siḃ, agus ḋíbreas suḃ;
Féaċuiḋ, atáim annso: déanuiḋ fiaḋnuisi am aġaiḋ a laṫair an TIĠEARNA, agus a laṫair a ungṫuiḋ: Cía agaiḃ dar ḃean mé a ḋaṁ? nó cía dar ḃean mé a assal? no cía do ṁeall mé? no cía do ġortuiġ mé? nó cía hí an láṁ as ar ġlac mé cuṁa ar biṫ do ḋallaḋ mo ṡul leis? agus aiseoga mé ḋíḃ é.
Agus a duḃairt sé re na ḋaóiniḃ, Nár léige Día go ndéanainnsi an níse rém ṁaiġistir, ungṫaċ an TIĠEARNA, mo láṁ do ṡíneaḋ amaċ na aġaiḋ, o sé ungṫaċ an TIĠEARNA é.
¶ Déiriġ Daiḃi mar an gcéadna na ḋiaiġsin, agus do ċuáiḋ amaċ as a núaṁuiġ, agus do ġoir a ndiáiġ Ṡauil, ḋá ráḋ, Mo ṫiġearna an ríġ. Agus a núair dféuċ Saul na ḋiáiġ, do ċrom Dáiḃi maille re na aġaiḋ faoi ċum na talṁan, agus duṁluiġ sé é féin.
Agus go maḋ beannuiġ do ċoṁairle, agus go maḋ beannuiġ ṫú feín, noċ do ṫoirmisg misi a niuġ um ṫeaċd do ḋórtaḋ fola, agus o mé féin do ḋioġuilt lem láiṁ féin.
Go ccúitiġiḋ an TIĠEARNA re gaċ éanduine a ḟíréantaċd agus a ionurniceas: óir ṫug an TIĠEARNA ṫusa am láiṁsi a niuġ, aċ níor ḃáill líom mo láṁ do ṡíneaḋ amaċ a naġaiḋ ungṫaiḋ an TIĠEARNA.