Annois ar a naḋḃarsin taḃair ḋamsa Día do ṁionnuiḃ naċ déuna tú bréag riom, ná ré mo ṁac, no ré mac mo ṁic: aċ do réir an ċinéil do rinne misi ort, go ndéuna tusa ḋaṁsa, agus don duṫaiḋ ann ar ḟan tú.
Tugṫar móirṡeisior dá ṁacaiḃ ḋúinn agus croċfam súas íad don TIĠEARNA a Ngibeah Ṡauil, noċ do ṫoġ an TIĠEARNA. Agus a duḃairt an ríġ, Do ḃéara mé ḋiḃ íad.
Ann sin a duḃairt Saul re Dáiḃi, Go maḋ beannuiġ ḃías tusa, a ṁic a Ḋáiḃi: do ḋeana tú neiṫe móra, agus fós béaruiḋ tú buáiḋ a gcoṁnuiġe. Mar sin dimṫiġ Dáiḃi roiṁe, agus dfill Saul dá áit féin.