Agus ar nimṫeaċd air a nais doiḃ, feaċ, do toiḃreaḋ aingeal an Tiġearna a mbrionglóid do Ióseṗ, ag raḋ, Eiriġ agus gaḃ anáoiḋeanán agus a ṁaṫair ċugad, agus teiṫ do Néigipt, agus bi ann sin no go Iaḃruiḋ misi riot: óir íarrfuiḋ Iorúaiṫ an náoiḋe do ċum a ṁillte.
Ann sín an tan do ċonnairc Iorúaiṫ, go ndearnadar na dráoiṫe fonóṁad faoi, do las sé lé feirg, agus ar gcur úaḋ, do ṁarḃ sé a raiḃ do leanbaiḃ-fear a Mbetleem, agus ann a teórannaiḃ uile, ó áois ḋá mblíaḋan nó fáoi, do reír na haimsire dfoġluim sé go diṫċiollaċ ó na dráoiṫiḃ.
Aċt anois ní ṡeasfuiḋ do rioġaċd: díarr an TIĠEARNA duine ḋó féin do réir a ċroiḋe féin, agus do aiṫin an TIĠEARNA ḋé ḃeiṫ na ċaiptin os cionn a ḋaoine, do ċionn nar ċoṁéad tusa an ní do ḟuágair an TIĠEARNA ḋuit.
Agus a duḃairt sé ris, Ná bioḋ eagla ort: óir ní ḃfuiġe láṁ Ṡaúil maṫarsa ṫú; agus bíaiḋ tú do ríġ air Israel, agus misi ḃus foigse ad ḋiáiġ; agus atá a ḟios sin fós ag maṫair Saul.
Ann sin a duḃairt Saul re Dáiḃi, Go maḋ beannuiġ ḃías tusa, a ṁic a Ḋáiḃi: do ḋeana tú neiṫe móra, agus fós béaruiḋ tú buáiḋ a gcoṁnuiġe. Mar sin dimṫiġ Dáiḃi roiṁe, agus dfill Saul dá áit féin.