¶ Agus do hinnseaḋ do Ṡaul go ttáinic Dáiḃi go Ceilah. Agus a duḃairt Saul, Ṫug Día am láiṁsi é; óir atá sé fa iaḋaḋ a stiġ, ar tteaċd a mbaile ar a ḃfuilid geatuiḋe agus barruiḋe.
Féuċ, a niuġ do ċonncadar do ṡúile féin mar ṫug an TIĠEARNA a niuġ am láiṁsi ṫú ansa núaṁuiġ: agus a duḃradar dáoine áiriġ riom do ṁarḃaḋ: aċd do ċoigil mo ṡúil ṫú; agus a duḃairt mé, Ní ċuirfe mé mo láṁ amaċ a naġaiḋ mo ṫiġearna; óir a sé ungṫaċ an TIĠEARNA é.
Go ccúitiġiḋ an TIĠEARNA re gaċ éanduine a ḟíréantaċd agus a ionurniceas: óir ṫug an TIĠEARNA ṫusa am láiṁsi a niuġ, aċ níor ḃáill líom mo láṁ do ṡíneaḋ amaċ a naġaiḋ ungṫaiḋ an TIĠEARNA.
Ann sin a duḃairt Abisai re Dáiḃi, Ṫug Día do náṁaid a niuġ ad láiṁ: anoís ar naḋḃarsin guiḋim ṫú, leíg ḋaṁsa a ḃúalaḋ, leis an ngaṫ go nuige an ttaláṁ déantsáṫaḋ, agus ní ḃúailfiod an dara huáir é.