Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 24:15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Ar a naḋḃarsin bíoḋ an TIĠEARNA na breiṫeaṁ, agus beireaḋ sé breaṫ eadrumsa agus tusa, agus go féuċiḋ, agus go ttagruiḋ mo ċúis, agus go sáoruiḋ sé mé amaċ as do láiṁse.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 24:15
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Marso nar ċuiṁniġ an ríġ Ioas an cinéul do rinne a aṫair Iehoiada air, aċt do ṁarḃ se a ṁac. Agus a nam a ḃais a duḃairt sé, Go ḃfaiciḋ an TIĠEARNA sin, agus go ccúitiġiḋ sé é.


Tagair mo ċúis, agus sáor mé: do réir dó ḃréiṫre béoġaiḋ mé.


Tagair, a ṪIĠEARNA ris an ṁuinntir ċeannairgios riom: caṫaiġ ris an ṁuinntir ċaṫuiġios am aġaiḋ.


Deana breiṫeaṁnus orum, a Día, agus tagair mó ċúis an anaġaiḋ an ccineaḋ neaṁṫrócaireaċ: saor mé ó ḟear na mealltóireaċda agus na hurċoide.


¶ Eistiġ, a ṗobal uile; cluin, a ṫaluiṁ, a nuile ní dá ḃfuil ann: agus bíoḋ an Tiġearna DIA na ḟíaḋnuise ḃur naġaiḋsi, an Tiġearna ó na ṫeampall náoṁṫa.


Iomċoruiḋ mé díḃḟearg an TIĠEARNA, do ḃríġ gur ṗeacaiḋ mé na aġaiḋ, nó go ttagra sé mo ċúis, agus go mbéara breaṫ ar mo ṡon: do ḃéara sé amaċ ċum an tsoluis mé, agus do ċífiḋ mé a ḋioġrus.


Ar a naḋḃarsin, níor ċiontaiġ misi ad aġaiḋ, aċd ís tusa atá ag déanaṁ éaccora orumsa, ag caṫuġaḋ am aġaiḋ: biaḋ an TIĠEARNA anbreiṫeaṁ na hreiṫeaṁ a niuġ idir ċloinn Israel agus ċloinn Ammon.


Agus a duḃairt an Ṗilistíneaċ re Dáiḃi, An madraḋ misi, as a ttig tú ċugam re bataḋuiḃ? Agus do ṁalluiġ an Ṗilistíneaċ Dáiḃi lé na ḋeeiḃ.


Go ndéana an TIĠEARNA breiṫeaṁnus eadrumsa agus tusa, agus go ndioġla an TIĠEARNA misi ort: aċd ní ḃeanfa mo láṁsa riot.


¶ Agus a núair do ċúaluiḋ Dáiḃi gur éug Nábal, a duḃairt sé, Go maḋ beannuiġ an TIĠEARNA, noċ do ṫagair cúis mo scanla as láiṁ Nábal, agus do ċonnuiṁ a ṡearḃḟoġantuiġ ó olc do ḋéanaṁ: óir dfill an TIĠEARNA urċóid Nábal ar a ċeann féin. Agus do ċuir Dáiḃí teaċda úaḋ, agus do ċoṁráiḋ sé ré Habigail, da gaḃáil ċuige na mnáói.


Anois uime sin, ná dóirtear mfuil fá ṫaluṁ a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA: óir ṫáinic ríġ Israel amaċ díarruiġ dearnaide, mar do ní duine fíaḋaċ ar ṗaitrisg ansna sléiḃtiḃ.


Do ċuir Dáiḃi ar a naḋḃarsin luċd ḃraṫa amaċ, agus do ṫuig go ttáinic Saul ar gaċ éanċor.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ