¶ Ann sin a duḃairt Abisai ṁac Seruiah ris an ríġ, Cred fá malluiġionn an madraḋ marḃso mo ṫiġearna an ríġ? guiḋim ṫú, léig ḋaṁ dul anonn, agus a ċeann do ḃuáin de.
Ann sin do ḃí Abner ro ḟeargaċ tré ḃríaṫraiḃ Isbóset, agus a duḃairt sé, An ceann madruiḋ misi, noċ ṫaisbeanus cinéul a niuġ a naġaiḋ Iúdah do ṫiġ Ṡauil haṫairsi, dá ḋearḃráiṫriḃ, agus dá ċáirdiḃ, agus nar ṡeaċaid mé ṫusa a láiṁ Ḋáiḃi, as a ḃfuil tú a niuġ ag cur ċoire am leiṫ a ttáoḃ na mnása?
¶ Annsin dfill Dáiḃi do ḃeannuġaḋ a ṫeaġluiġ. Agus ṫáinic Miċal inġean Ṡauil amaċ a ccoinne Daḃi, agus a duḃairt sí, Cread é a ġlórṁuire do ḃí ríġ Israel a niúġ, noċ do noċd é féin a naṁarc ċailíneaḋ a ṡerḃíseaċ, mar noċdus áon do na dáoiniḃ díoṁaóin é féin go míonáireaċ!
Agus a duḃairt Iesebel a ḃéan ris, Naċ tusa anois ríaġluiġeas rioġaċt Israel? éiriġ, agus iṫ arán; agus bíoḋ do ċroiḋe súgaċ: do ḃéara misi ḋuit fíneaṁuin Nábot an Niesréelítiġ.
Anois uime sin, ná dóirtear mfuil fá ṫaluṁ a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA: óir ṫáinic ríġ Israel amaċ díarruiġ dearnaide, mar do ní duine fíaḋaċ ar ṗaitrisg ansna sléiḃtiḃ.