Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 24:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Os a ċionn sin, a aṫair, féuċ, féuċ fós, sciorta do róba am láiṁ: óir as so gur ġearr mé iaċtar do róba, agus nar ṁarḃ mé ṫú féin, aiṫin agus féuċ naċ ḃfuil olc nó urċóid am láiṁ, agus nar ċiontuiġ mé ad aġaiḋsi; aċd atá tusa ag fíaḋaċ ar manumsa ċum a ġaḃála.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 24:11
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Dáiḃi ris, Ciondus naċ raiḃ eagla ort do láṁ ṡíneaḋ amaċ do ṁarḃaḋ ungṫaiḋ an TIĠEARNA?


Agus ṫangadar a ṁuinntir ċuige, agus do laḃradar ris, agus a duḃradar, O a aṫair, dá nabraḋ an fáiḋ riot ní mór éigin do ḋéanaṁ, naċ déantá é? naċ ro ṁó ná sin, a nuáir a deir sé riot, Ionnail, agus bí glan?


Oír atá sé ag méaduġaḋ. Atá tusa dom ḟíaḋaċ aṁuil leoṁan dísgir: agus a rís taisbeanuiḋ tú ṫú féin iongantaċ orum.


Do ainleanadar prionnsuiḋe mé gan aḋḃar: aċd do ḃí eagla air mo ċroiḋe red ḃréiṫirsi.


Ná daingniṫior fear ḋroċṫeangṫa ar talaṁ: fear a nfoiréigin do ḋéana urċaid sealgiḋ air ċum a ḋíbearṫa.


Oír is gan aḋḃar do ḟoluiġeadar a líon am ċoinnesi a log, noċ do ṫoċladar gan aḋḃar a ccoinne manma.


Oír, ċeana, atáid ag luiġeaċán air manam: cruinniġid na cuṁaċtaiġ a naóinḟeaċd am aġaiḋ; ní ar son mo ṡáruiġṫe, ní air son mo ṗeacaiḋ, a ṪIĠEARNA.


Déanaḋ mo náṁaid gérleanṁuin air manam, agus gaḃaḋ sé é; fós, saltraḋ sé síos mo ḃeaṫa air an ttalaṁ, agus léigeaḋ sé monóir san luáiṫreaḋ. Selah.


Iompoiġiḋ freagra ṁacánta fearg: aċt brostuiġid bríaṫra borba a nfearg.


Lorgairid ar ccoiscéime, go naċ ḃféadmaoid siuḃal ann ar sráidiḃ: atá ar ccríoċ láiṁ rinn, do ċoiṁlíonaḋ ar laeṫe; óir ṫáinic ar ccríoċ.


Agus abair, Is marso a deir an Tiġearna DIA; A ṁairg do na mnáiḃ ḟuáiġiḋiosclúasċáin ar na huile uilleannuiḃ, agus do ní ciarsúir air ċeann gaċ aóin státuir dfíaḋaċ anmann! An mbeiṫí ag fíaḋaċ anmann mo ṗobailsi, agus an ccuiṁdeoċṫaói béo anmanna na druinge ṫig ċugaiḃ?


Dimṫiġ an deaġḋuine seaċad as an ttalaṁ, agus ní ḃfuil áon ionruic a measg na ndaóine: luiġid uile a luiġeaċán air ḟuil; do níḋ gaċ uile ḋuine fíaḋaċ air a ḋearḃraṫair le líon.


Aċd do rinneaḋ so ionnus go gcoiṁlíonfuiḋe an ráḋ atá sgrioḃṫa ann a ndliġeaḋ féin. Do ḟúaṫaiġeadar mé gan aḋḃar.


Féaċuiḋ, atáim annso: déanuiḋ fiaḋnuisi am aġaiḋ a laṫair an TIĠEARNA, agus a laṫair a ungṫuiḋ: Cía agaiḃ dar ḃean mé a ḋaṁ? nó cía dar ḃean mé a assal? no cía do ṁeall mé? no cía do ġortuiġ mé? nó cía hí an láṁ as ar ġlac mé cuṁa ar biṫ do ḋallaḋ mo ṡul leis? agus aiseoga mé ḋíḃ é.


Ar a naḋḃarsin do imṫiġ Dáiḃi, é féin agus a muhinntir, agus do ṁarḃ sé do na Ṗilistiniḃ ḋá ċéad fear; agus ṫug Dáiḃi a réaṁċroicinn leís, agus do ṫaisbeanadar íad go hiomlán don ríġ, ċor go mbíaṫ sé na ċliaṁuin ag an ríġ. Agus ṫug Saul a inġean Miċal dó na mnaói.


Agus do rinne Dáiḃi coṁnuiġ san ḃfásaċ a ndaingneaċaiḃ laídre, agus dfan sé ar ṡlíaḃ a ḃfásaċ Siṗ. Agus do ḃí Saul dá íarruiḋ gaċ éanlá, aċd ní ṫúg Día iona láiṁ é.


Féaċaiḋ ar a naḋḃarsin, agus beiriḋ éolus ar na huile áitiḃ díaṁra mar a ḃfoluiġeann sé é féin, agus tigiḋ ċugamsa a rís le deiṁin, agus raċaiḋ mé liḃ: agus tiucfaiḋ a gcríċ, má ḃíonn sé annsa tír, go spíonfuíḋ misi amaċ é ar feaḋ uile ṁílteaḋ Iudah.


Guiḋim ṫú, maíṫ cionta do ḃanóglaiċ: óir do ḋéana an TIĠEARNA go deiṁin tiġ daingean dom ṫiġearna; dó ċionn go ttróidionn mo ṫiġearna caṫa an TIĠEARNA, agus naċ fríṫ olc ionnad ar feaḋ do ṡáoġail.


Agus a duḃairt sé, Cred é an fáṫ as a ḃfuil mo ṫiġearna mar so ag foileanṁuinn a ṡearḃḟoġantuiġ? óir cred do rinne mé? nó cred an tolc atá am láiṁ?


Anois uime sin, ná dóirtear mfuil fá ṫaluṁ a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA: óir ṫáinic ríġ Israel amaċ díarruiġ dearnaide, mar do ní duine fíaḋaċ ar ṗaitrisg ansna sléiḃtiḃ.


Go ccúitiġiḋ an TIĠEARNA re gaċ éanduine a ḟíréantaċd agus a ionurniceas: óir ṫug an TIĠEARNA ṫusa am láiṁsi a niuġ, aċ níor ḃáill líom mo láṁ do ṡíneaḋ amaċ a naġaiḋ ungṫaiḋ an TIĠEARNA.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ