7 ¶ Agus do hinnseaḋ do Ṡaul go ttáinic Dáiḃi go Ceilah. Agus a duḃairt Saul, Ṫug Día am láiṁsi é; óir atá sé fa iaḋaḋ a stiġ, ar tteaċd a mbaile ar a ḃfuilid geatuiḋe agus barruiḋe.
Agus do rinne Dáiḃi coṁnuiġ san ḃfásaċ a ndaingneaċaiḃ laídre, agus dfan sé ar ṡlíaḃ a ḃfásaċ Siṗ. Agus do ḃí Saul dá íarruiḋ gaċ éanlá, aċd ní ṫúg Día iona láiṁ é.