¶ Agus a duḃairt an ríġ ré Abiatar an sagart, Imṫiġsi go Hanatot, dot ṁaċairiḃ féin; óir do ṫuill tú bás: aċt ni ċuirfe misi ċum báis a núairse ṫú, do ḃríġ gur iomċair tú aírc an TIĠEARNA Día roiṁe Ḋáiḃi maṫair, agus do ḃríġ gur ḟulaing tú anṡóġ an gaċ áit ar iomċair maṫair auṡóġ.
Agus Ahiah, mac Ahitub, dearḃraṫair Iċaboid, ṁic Ṗineas, ṁic Elí, sagart an TIĠEARNA ó Ṡíloh, ag iomċar eṗod. Aċd ni raiḃ a ḟios ag an bpobal gur imṫiġ Ionatan.
Uime sin dfíafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA, ġa ráḋ, An raċa mé agus an mbúailfe mé na Ṗilistiniġ? Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Dáiḃi, Eiriġ agus buail na Ṗilistiniġ, agus tárrṫuiġ Ceilah.
Marsin do ċuáiḋ Dáiḃi agus a ṁuinntir go Ceilah, agus do ṫroideadar ris na Ṗilistíniḃ, agus ṫugadar a náirneís leó, agus do ḃúaileadar íad re hár mór. Marsin do ṡáor Dáiḃi áitreaḃaiġ Ċeilah.
¶ Agus do hinnseaḋ do Ṡaul go ttáinic Dáiḃi go Ceilah. Agus a duḃairt Saul, Ṫug Día am láiṁsi é; óir atá sé fa iaḋaḋ a stiġ, ar tteaċd a mbaile ar a ḃfuilid geatuiḋe agus barruiḋe.