3 Agus a duḃradar muinntir Ḋáiḃí ris, Féuċ, atá eagla oruinn annso an Iúdah: agus ga ṁéid ós a ċionn sin ma ṫéiġmid go Ceilah a naġaiḋ ṡlóiġ na Ḃṗilistíneaċ?
¶ Má rioṫ tú leís na coisiġiḃ, agus gur ċoireadar ṫú, annsin ciondus ḟéadas tú coimbling re heaċaiḃ? agus má ċoireadar ṫú a ttír na síoṫċána, ann ar ċuir tú do ḋóṫċus, cred maiseaḋ do ḋéana tu a nanfa Iordán?
Uime sin dfíafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA, ġa ráḋ, An raċa mé agus an mbúailfe mé na Ṗilistiniġ? Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Dáiḃi, Eiriġ agus buail na Ṗilistiniġ, agus tárrṫuiġ Ceilah.
Féaċaiḋ ar a naḋḃarsin, agus beiriḋ éolus ar na huile áitiḃ díaṁra mar a ḃfoluiġeann sé é féin, agus tigiḋ ċugamsa a rís le deiṁin, agus raċaiḋ mé liḃ: agus tiucfaiḋ a gcríċ, má ḃíonn sé annsa tír, go spíonfuíḋ misi amaċ é ar feaḋ uile ṁílteaḋ Iudah.
Agus do ċuáiḋ Saul air an ttáoḃsa don tslíaḃ, agus Dáiḃi gun a ṁuinntir ar an ttáoḃ eile don tslíaḃ: agus do rinne Dáiḃi deiṫfir re himṫeaċd ar eagla Ṡauil; óir ṫáinic Saul agus a ṁuinntir, timċioll Ḋáiḃi agus a ṁuinntire fa gcuáirt dá ngaḃáil.
Ann sin dfíafruiġ Dáiḃi fós a rís don TIĠEARNA. Agus do ḟreagair an TIĠEARNA é, agus a duḃairt, Eiriġ, imṫiġ síos go Ceilah; óir do ḃéara misi na Ṗilistíniġ ad laíṁ.