Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 23:26 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Agus do ċuáiḋ Saul air an ttáoḃsa don tslíaḃ, agus Dáiḃi gun a ṁuinntir ar an ttáoḃ eile don tslíaḃ: agus do rinne Dáiḃi deiṫfir re himṫeaċd ar eagla Ṡauil; óir ṫáinic Saul agus a ṁuinntir, timċioll Ḋáiḃi agus a ṁuinntire fa gcuáirt dá ngaḃáil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 23:26
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Dáiḃi ré na ṡearḃḟoġantuiḃ uile do ḃí na ḟoċair ann Ierusalem, Eirgiḋe, agus teiṫiom; nó ní raċam as ar éanċor ó Absolon: déanuiḋ deiṫfir re himṫeaċd, deagla go mbéaraḋ sé oruinn go hobann, agus go dtiuḃra olc oruinn, agus go millfiḋ an ċaṫair lé faoḃar an ċloiḋiṁ.


O ar Ndía, naċ mbéara tú breaṫ orra? oír ní ḃfuil neart ionnuinne anaġaiḋ na buiḋne móiresi ṫig ar naġaiḋ; agus ní feas dúine créad do ḋéanam: aċt ar súil do ḃeiṫ riotsa.


Do ṫimciolladar anois sinn ionar ccoiscéimiḃ: do ċuireadar a suile ag cromaḋ síos ċum na talṁan;


O na ciontaċuiḃ noċ ṡáruiġios mé, óm naiṁdiḃ marḃṫaċa, noċ ṫimċiollas mé fa ccuairt.


Do ṫimċiolladar iomad bulóg mé: tairḃ neartṁara Básan ṫangadar am ṫimċioll go cruinn.


Oír ṫangadar madraiḋe am ṫimċioll: díaḋadar coiṁṫionól na ndroċḋaóine am ṫimċioll: do ṫolladar mo láṁa agus mo ċosa.


Oír a duḃrus ann mo ḋeiṫnios, Atáim ar mo ġearraḋ amaċ ód raḋarc: giḋeaḋ do ċúala tú guṫ mo ġearáin a nuáir do ġáir mé ċugad.


Oír ní háil linn, ainḃfeas do ḃeiṫ aruiḃ, a ḋearḃráiṫre, a dtáoḃ na buáiḋearṫa ṫárrla ḋúinn sa Násia, eaḋon, gur brúġaḋ tar ṁóġ sinn, ós cionn ar neirt, ionnus go raiḃ aṁarus aguinn fós air a ḃeiṫ béo:


Agus do ċúadar súas ar leiṫead na talṁan, agus do ṫimċiolladar campa na náoṁ, agus an ċaiṫair ionṁuin: agus táinic teine a núas ó neaṁ ó Ḋía, agus do ṡluig sí íad.


Do hinnseaḋ do na Gasitiḃ, ga ráḋ, Ṫáinic Samson annso. Agus tangadar na ṫimċioll, agus do ċuireadar luiġeaċan roiṁe air feaḋ na hoiḋċe a ngeata na caiṫreaċ, agus do ḃádar suaiṁneaċ air feaḋ na hoiḋċe, ġa ráḋ, Bíam ar ttoċd go solus na maidne, annsin muirfeam é.


¶ Mar sin do léig Miċal Dáiḃi síos ṫríd an ḃfumneóig: agus dimṫiġ sé, agus do ṫeiṫ, agus do ċuáiḋ as.


Agus dfúagair Ionatan a ndiáiġ an ḃúaċalla, Déana deiṫnios, lúaṫuiġ, ná fan. Agus do ṫog búaċuill Ionataín na saiġde, agus ṫáinic go nuige a ṁaiġistir.


Do ċuáiḋ Saul fós agus a ṁuinntir dá íarruiḋ. Agus dinnsiodar sin do Ḋáiḃi: uime sin do ċuáiḋ sé síos a ccarruig, agus do ċoṁnuiġ a ḃfásaċ Maon. Agus a nuáir do ċúalaiḋ Saul sin, do lean sé a ndiáiġ Ḋaiḃi go fásaċ Maon.


¶ Aċt tangadar teaċda ċum Sauil, da ráḋ ris, Deiṫfriġ ort, agus tárr; óir ṫangadar na Ṗilistíniġ do ġaḃáil na tíre.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ