22 Imṫiġiḋ, guiḋim siḃ, ullṁuiġiḋ fós, agus féaċaiḋ a náit a ngnáṫuiġeann sé ḃeiṫ, agus cía ċonnairc ann sin é: óir do hinnseaḋ ḋaṁsa go mbíonn sé ro aireaċ.
Féuċ, atá sé anois a ḃfolaċ a bpoll éigin, nó a náit éigin oile: agus teigeoṁuiḋ, a núair ṫuítfid cuid aca ar ttús, go naibeora gaċ a ccluinfiḋ é, Atá ár a measg na ndáoine a leanas Absolon.
Féaċaiḋ ar a naḋḃarsin, agus beiriḋ éolus ar na huile áitiḃ díaṁra mar a ḃfoluiġeann sé é féin, agus tigiḋ ċugamsa a rís le deiṁin, agus raċaiḋ mé liḃ: agus tiucfaiḋ a gcríċ, má ḃíonn sé annsa tír, go spíonfuíḋ misi amaċ é ar feaḋ uile ṁílteaḋ Iudah.