2 Uime sin dfíafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA, ġa ráḋ, An raċa mé agus an mbúailfe mé na Ṗilistiniġ? Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Dáiḃi, Eiriġ agus buail na Ṗilistiniġ, agus tárrṫuiġ Ceilah.
Agus tárla na ḋiáiġ so, gur ḟiafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA, ġa ráḋ, An raċa mé súas go haon do ċaiṫreaċaiḃ Iúdah? Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Eiriġ súas. Agus a duḃairt Dáiḃi, Cait suas a raċa me? Agus a duḃairt seision, Go Hébron.
Do ċoṁairliġ Dáiḃi ris an TTIĠEARNA, ḋa ráḋ, An raċa mé súas ċum na Ḃṗilistíneaċ? an seaċoda tusa am laíṁ íad? Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Dáiḃi, Imṫiġ súas: óir gan aṁarus do ḃéara misi na Ṗilistiniġ ad laiṁ.
Agus dfíafruiġ Dáiḃi do Ḋía, ḋa ráḋ, An raċa mé súas a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ? agus an seaċoduiġ tusa am láiṁ íad? Agus á duḃairt an TIĠEARNA ris, Imṫiġ súas; óir do ḃéara mé ad laíṁ íad.
Agus seasfa sé a laṫair Eleasar an sagart, noċ íarrfus coṁairle ḋó do réir breiṫeaṁnus Urim a laṫair an TIĠEARNA: do réir a ḟocailsion raċfuid síad amaċ, agus do réir a ḟocailsion tiocfuid síad a steaċ, eision fós, agus clann Israel uile maille ris, eaḋon an coṁċruinniuġaḋ uile.
Anois tar éis ḃáis Iosua tárla, gur ḟiafruiġeadar clann Israel don TIĠEARNA, ḋá raḋ, Ciá raċus uainn a naġaiḋ na Gcanaaníteaċ ar tús, do ṫroid na naġaiḋ?
Uimesin dfíafruiġeadar don TIĠEARNA a rís, An ttiucfaḋ an tóglaċ fós ċuca. Agus do ḟreagair an TIĠEARNA, Féaċuiḋ, dfoluiġ sé é féin a measc na caráiste.
Agus a duḃradar muinntir Ḋáiḃí ris, Féuċ, atá eagla oruinn annso an Iúdah: agus ga ṁéid ós a ċionn sin ma ṫéiġmid go Ceilah a naġaiḋ ṡlóiġ na Ḃṗilistíneaċ?
Ann sin dfíafruiġ Dáiḃi fós a rís don TIĠEARNA. Agus do ḟreagair an TIĠEARNA é, agus a duḃairt, Eiriġ, imṫiġ síos go Ceilah; óir do ḃéara misi na Ṗilistíniġ ad laíṁ.
Agus dfiafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA, ġa ráḋ, A ndéana mé tóruiġeaċd ar a tslúaġ so? an mbéara mé orra? agus do ḟreagair seision é, Lean íad: óir béara tú go deiṁin orra, agus gan ċunntaḃairt beanfa tú an tiomlán díoḃ.