Agus a duḃairt Ionatan re Dáiḃi, Imṫiġ a síoṫċain, do ḃríġ go ttug gaċ nduine aguinne aráon a ṁionna a nainm an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Bioḋ an TIĠEARNA eadrumsa agus tusa, agus eidir mo ṡlioċdsa agus do ṡlioċtsa go bráṫ. Agus déiriġ seision agus dimṫiġ sé: agus do ċuaiḋ Ionatan don ċaṫruiġ.
Ar a naḋḃarsin do ġeaḃṫar go maiṫ ar do ṡeirḃíseaċ ṫú; óir ṫug tú do ṡeirḃíseaċ do ḋéanaṁ cunnarṫa riot ann sa TIĠEARNA: giḋeaḋ, matá olc ionnamsa, marḃ féin mé; cred fá mbéartá ċum haṫar mé?
An sin táinic Dáiḃi go Nob go Haċimeleċ an sagart: agus do ḃí eagla ar Aċimeleċ ag teagṁáil re Dáiḃi, agus a duḃairt ris, Cred fá ḃfuil tú a táonar, gan éanduine ad ḟoċair?