17 Agus a duḃairt sé ris, Ná bioḋ eagla ort: óir ní ḃfuiġe láṁ Ṡaúil maṫarsa ṫú; agus bíaiḋ tú do ríġ air Israel, agus misi ḃus foigse ad ḋiáiġ; agus atá a ḟios sin fós ag maṫair Saul.
Abruiḋ ris a ndroing agá ḃfuil croiḋe eaglaċ, Bíṫí láidir, ná himeagluiġiḋ: féuċuiḋ, tiucfaiḋ ḃur Ndía lé dioġaltas, tiucfaiḋ Dia lé luáiḋeaċd; tiucfa sé agus sáorfa sé siḃ.
¶ Ná bíoḋ eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigḃríġeaċ: óir is misi do Ḋía: neirteoċuiḋ mé ṫú: fós, cuideoċa mé leaċd; fós, cuinneoċa mé súas ṫú le láiṁ ḋeis mo ċeirt.
Ní ḃéara arm ar biṫ dá ccuimeaċṫar buáiḋ ad aġaiḋsi; agus gaċ teanga dá néireoċuiḋ ad aġaiḋ daimneoċa tú í a mbreiṫeaṁnus. Así so oiġreaċd ṡeirḃíseaċ an TIĠEARNA, agus is uáimsi atá a ḃfíreantaċd, a deir an TIĠEARNA.
Agus ar dteaċd dúinn don Róiṁ, tug an caiptín na braiġde dáirdġinerál na slóġ: aċd tugaḋ cead do Ṗól ḃeiṫ ris féin a ḃfarraḋ ṡaiġdiúir do ċoiṁéudfaḋ é.
An ran ṫríallfus mé don Sbáinn, tiocfaḋ mé ċugaiḃ: óir atá súil agum ré siḃse dfaicsin ag gaḃail seaċa ḋíḃ, agus siḃse do ṫeaċd riom dom ṡeólaḋ don nionad sin, aċd go raiḃ mé saiṫeaċ a gcáíl da ḃur gcuideaċdasa.
Oir an feaḋ ṁairfeas mac Iesse ar taluṁ, ní daingneoċar ṫusa, nó do rióġaċd. Anois uime sin cuir fios air agus taḃair ċugamsa é, óir go deiṁin caiṫfiḋ sé bás dfulang.
Agus a duḃradar muinntir Ḋáiḃi ris, Féuċ an lá a duḃairt an TIĠEARNA riot, Féuċ, do ḃéara mé do náṁaid ad láiṁ, iondus go ḃféadfa tú a ḋéanaṁ ris mar as áill leaċd féin. Ann sin déiriġ Dáiḃi, agus do ġearr sé sciorta róba Ṡauil gan ḟios dó.
Agus tiucfa a gcríċ, a núair do ḋéana an TIĠEARNA dom ṫiġearna do réir gaċ uile maiṫeasa dar laḃair sé dot ṫaóḃsa, agus óirdeoċus sé ṫú ad úaċdarán ós cionn Israel;