Annsin dfoillsiġ mé ḋóiḃ láiṁ mo Ḋé noċ do ḃí líom go maiṫ; agus bríaṫra an ríġ mar an ccéadná, mar do laḃair sé riom. Agus a duḃradarsan, Eirġiom agus deanam a nobair súas. Marsin do neartniġeadar a láṁa ċum na hoibre maiṫesi.
Do ḃríġ go ndéarnaḃair croiḋe na ḃfíréun duḃaċ lé bréagaiḃ, naċ déarna misi duḃaċ; agus gur neartniġeaḃair láṁa an ċiontuiġ, go naċ ḃfillfeaḋ sé ó na ḋroiċṡliġe, lé geallaṁuin a anma ḋó:
Aċ aiṫin do Iosua, agas cuir meisneaċ ann, agus neartuiġ é: óir raċuiḋ seision anonn roiṁe na dáoiniḃsi, agus do ḃéura sé orra an dúṫaiġ do ṡealḃuġaḋ a noiġreaċd noċ do ċífe tusa.
Agus do ḃí Dáiḃi lán do ḋóbrón; óir do luáiġeadar na daoine gaḃáil do ċloċuiḃ air, do ḃríġ go raiḃ ínntinn na ndaóine uile doilġiosaċ, gaċ eanduine ar son a ṁac agus ar son a inġean: aċ do ġaḃ Dáiḃi meisneaċ ċuige féin ann a ṪIĠEARNA Día.