Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 23:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 ¶ Ann sin déiriġ Dáiḃi agus á ṁuinntir, timċioll sé ċéad fear, agus dfágḃadar Ceilah, agus do ċuádar giḋ bé aít ar ḟéudadar dul. Agus do hinnseaḋ do Ṡaul gur imṫiġ Dáiḃi as Ceilah, agus do sguir sé ḋul ar a aġaiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 23:13
7 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġaḃadar a ṡeirḃísiġ uile ṫairis láiṁ ris; agus na Ċerititiġ uile, agus na Peletítiġ uile, agus na Gititiġ uile, sé céud fear ṫáinic na ḋiáiġ ó Ġát, do ġluáisiodar rompa roiṁe an ríġ.


An tan naċ ttainic tú aċd a né, an ttiuḃruinnsi ort a niuġ gluasaċd linn síos agus súas? ó táimsi ag dul mar a ḃféaduím, fillse ar hais, agus béir do ḋearḃraiṫre ar a nais: go ráiḃ trócaire agus fírinne maille leaċd.


Toirmiosguiḋ sé tionnscanta na meaḃlaċ, iondus naċ ḃféuduid a láṁa a ttíonscanta do ċoiṁlíonaḋ.


Dféuċadar ċuige, agus do ṡoillsíuġaḋ íad: agus ní raiḃ náire ar a naiġṫiḃ.


Agus gaċ a raiḃ a ríaċtanas, agus gáċ a raiḃ a ḃfíaċaiḃ, agus gaċ áon dá raiḃ a mbúaiḋreaḋ, do ċruinniġeadar íad féin ċuige; go mbiaḋ sé na ċaiptín orra: agus do ḃí timċioll ċeiṫre ċéad fear na ḟoċair.


Agus a duḃairt Dáiḃi re na ṁuinntir, Cuirfiḋ gaċ éanduine aguiḃ a ċloiḋeaṁ ṫairis. Agus do ċuir gaċ áon aca a ċloiḋeaṁ ṫairis; agus do ċuir Dáiḃi mar an gcéadna a ċloiḋeaṁ ṫairis: agus do ċuáiḋ súas a ndiáiġ Ḋáiḃi timċioll ceiṫre ċéad fear; agus dfan ḋá ċéad fear ag an stór.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ