10 Ann sin a duḃairt Dáiḃí, A ṪIĠEARNA Día Israel, do ċúala do ṡerḃíseaċ go dearḃṫa go ḃfuil Saul ag íarruiḋ teaċd go Ceilah, do ṁilleaḋ na caiṫreaċ ar mo ṡonsa.
Agus bá tarcuisneaċ leis laṁ do ċur ann Mordecai na áonar; óir do ṫaisbeanadar muinntir Ṁordecai ḋó: uime sin díarr Háman na Iúduiġe uile do scrios do ḃí ar feaḋ rioġaċda Ahasuerus uile, eaḋon muinntir Ṁordecai.
Agus do ḃúail sé Nob, caṫair na sagart, le fáoḃar an ċloiḋiṁ, éidir ḟear agus ṁnáoi, leanaṁ agus náoiḋeanán, agus eidir ḋaṁuiḃ, agus assaluiḃ, agus ċaorċaiḃ, le fáoḃar an ċloiḋiṁ.
An seaċódaid muinntir Ċeilah mé a láiṁ Ṡauil? an ttiocfa Saul a núas, mar do ċúala do ṡerḃíseaċ? O a ṪIĠEARNA Día Israel, guiḋim ṫú, innis dot ṡearḃḟoġantuiġ. Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Tiucfaiḋ sé a núas.