Annsin do briseaḋ an tíarann, an ċré, an prás, an tairgiod, agus an tór, na ccodċuiḃ a naóinḟeaċd, agus do rínneaḋ ḋoíḃ aṁuil cáiṫ urláir ḃuáilte san saṁraḋ; agus rug an ġáoṫ lé íad, go naċ fríṫ áit ar bioṫ ḋóiḃ: agus do rinneaḋ slíaḃ mór don ċloiċ do ḃuáil a níoṁáiġ, agus do líon sé an talaṁ uile.
Do ḋéana misi mar an gceadna so riḃse; cuirfe me criṫeagla oruiḃ, cnáoi agus fíaḃrus tinntiġe, noċ ċnáoiḋfeas na súile, agus do ḃéura doilġios croiḋe: agus cuirfiḋe ḃur síol go díoṁáoin, óir is íad ḃur náṁuid íosas é.
Agus iosuiḋ sé soċar háirnéisi, agus toraḋ ṫfearuinn, nó go maḋ marḃ ṫú: noċ mar an ccéadna naċ ḃfúigfiḋ arḃar, nó fion, nó ola, nó biseaċ do ḃó, nó do ṫréud caoraċ, nó go scriosfa sé ṫú.
¶ Agus táinic aingeal ón TTIĠEARNA, agus dó ṡuiġ fáoi ḋaruiġ noċ do ḃí ann Oṗrah, noċ ba lé Ioas an Tabí‐esríteaċ: agus do ḃí a ṁac Gidéon ag búalaḋ cruineaċda láiṁ ré hionad brúite an nfíona, ḋá ḟolaċ ar na Midianaċaiḃ.
Agus do ṡuiġeadar foslungṗort na naġaiḋ, agus do ṁilleadar biseaċ na talṁan, nó go ttí tú go Gasa, agus níor ḟágḃadar beaṫa ar biṫ ag Israel, cáoiriġ, nó daíṁ, nó assail.