Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 22:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Ann sin a duḃairt Saul re na ṁuinntir do ḃí gaċa táoḃ ḋé, Eístiġ anois, a Ḃeniamíteaċa; an ttiuḃra mac Iesse do gaċ aon aguiḃsi maċairiġ agus fineaṁna? a ndéana sé ḋáoiḃ uile caiptiniġ ar ṁíltiḃ, agus caiptíniġ ar ċéaduiḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 22:7
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do áiriṁ Dáiḃi ná dáoine do ḃí na ḟoċair, agus do rinne caiptíniġ ar ṁíltiḃ agus caiptíniġ ar ċéuduiḃ ós a gcionn.


Agus tárla go raiḃ óglaċ do Ḃelial annsin dar ḃamm Séba, ṁac Biċri, Beniamiteaċ: agus do ṡéid sé stoc, agus a duḃairt, Ní ḃfuil cuid ar biṫ aguinne a Ndáiḃi, ní mó atá oiġreaċd aguinn a mac Iesse: ṫéiġeaḋ, gaċ éanduine dá lóistín féin, O Israel.


¶ Marsin a nuáir do ċonncadar Israel uile naċ ar éist an ríġ riú, do ḟreagair án pobal an ríġ, ḋá ráḋ, Cred an ċuid ronna atá aguinne do Ḋáiḃi? ní mó ata oiġreaċd aguinn a mac Iesse: éirgiḋe dá ḃur lóistiniḃ, a Israel: anois féuċ dot ṫiġ féin, a Ḋáiḃi. Marsin do imṫiġeadar Israel dá lóistiniḃ.


Agus ṫangadar do ċloinn Ḃeniamin agus do ċloinn Iúdah gus a ndaingean go Dáiḃi.


Agus tiucfa slat amáċ as bun Iesse; agus fasfuiḋ Beangán as a ḟréiṁ:


¶ Agus annsa ló sin biáiḋ fréuṁ Iesse, noċ ṡeasfas mar ḃratuiġ don ṗobal; is ċuige íarrfuid na geintiḋe; agus biáiḋ a suaiṁneas glórṁar.


Agus do iomċair Dáiḃi e féin go glic iona ṡliġṫiḃ uile; agus do ḃí an TIĠEARNA maille ris.


Agus tárla ar na ṁáraċ, noċ do bé an dara lá don ṁí, go raiḃ aít Ḋáiḃi folaṁ: agus a duḃaírt Saul re na ṁac Ionatan, Cred fá naċ dtáinic mac Iesse ċum bíḋ a né, nó a niuġ?


Ann sin do las fearg Ṡauil a naġaiḋ Ionatan, agus a duḃairt ris, Ṫusa a ṁic na mná crosta cogṫuiġe, naċ ḃfuil a ḟios agamsa gur ṫoġ tú mac Iesse ċum do ṁilte féin, agus ċum náire ṫárnoċd do ṁaṫar?


Agus a duḃairt Saul ris, Cred far ṫionnsguinn tusa feall am aġaiḋsi, ṫú féin agus mac Iesse, do reír mar ṫug tú arán dó, agus cloiḋeaṁ, agus gur ḟíofruiġ tú do Ḋía air a ṡon, ionnus go néireoċaḋ sé am aġaiḋsi, agus go mbíaḋ ag oirċill orum, mar atá a niuġ?


¶ Ann sin do ḟreagair Doeg an Tédomiteaċ, (noċ do ḃí ós cionn ṡearḃḟoġantuiġeaḋ Ṡauil,) agus a duḃairt, Do ċonnairc mé mac Iesse ag teaċd go Nob go Haċimeleċ ṁac Ahitub.


¶ Agus do ḟreagair Nábal searḃísiġ Ḋáiḃi, agus a duḃairt, Cía hé Dáiḃi féin? agus cía hé mac Iesse? bíd mórán searḃḟoġantuiġ ar a naimsirsi ḃrisios amaċ gaċ éanduine aca óna ṁaiġistir.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ