Agus do ḃuáil sé Móab, agus do ṫoṁuis íad lé córda, ḋa tteilgion síos go talaṁ; eaḋon lé ḋá ċórda do ṫoṁuís sé do ṫaḃairt báis, agus le héanċórda iomlán do ċongṁáil béo. Agus do ḃádar na Móabitiġ ná searḃḟoġantuiġ ag Dáiḃi, agus tugadar tioḋlaicṫe léo.
Anois gníoṁa Ḋáiḃi ríġ, ó ṫús go deireaḋ, féaċ, a táid scríoḃṫa a leaḃar Ṡamuel an feuċadóir, agus a leaḃar Nátan an fáiġ, agus a leaḃar Ġad an feuċadóir,
Agus do ċuir sé na Leḃítiġ a ttiġ an TIĠEARNA maille re cimbaluiḃ, le saltraċaiḃ, agus lé cláirseaċaiḃ, do reír aiṫne Ḋáiḃi, agus Ġad féuċadóir an ríġ, agus Nátain an faíġ: óir is marsin do ḃí aiṫne an TIĠEARNA tre ná ḟáiġiḃ.
Agus an tan ġéarleanfuid síad siḃ sa ccaṫruiġsi, teiṫiḋ go caṫruiġ eile: oir go dearḃṫa a deirimsi riḃ, Naċ géuḃṫáoi timċeall ċaiṫreaċ Israel, suil ṫiocfas Mac an duine.
¶ Agus do ċuáiḋ Dáiḃi as sin go Mispeh Móab: agus a dúḃairt sé ré riġ Ṁóab, Guiḋim ṫú, tigeaḋ maṫair agus mo ṁaṫair amaċ, agus bidís ad ḟoċairsi, nó go raiḃ a ḟios agum cred ḋéana Día ar mo ṡon.
¶ Agus a duḃairt an fáiġ Gad re Dáiḃi, Ná fan annsa dáingion úd; imṫiġ as so, agus éiriġ go tír Iudah. Ann sin do imṫiġ Dáiḃi, agus do ċuáiḋ go foraóis Haret.