Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 22:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 ¶ Agus do ċuáiḋ Dáiḃi as sin go Mispeh Móab: agus a dúḃairt sé ré riġ Ṁóab, Guiḋim ṫú, tigeaḋ maṫair agus mo ṁaṫair amaċ, agus bidís ad ḟoċairsi, nó go raiḃ a ḟios agum cred ḋéana Día ar mo ṡon.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 22:3
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do áitiġ Ioseṗ a aṫair agus a ḋearḃráiṫré, agus tug sealḃ ḋóiḃ a ccríċ na Hégipte, san ċuid do ḃféarr don dúṫaiġ, a bfearann Rameses, mar do aiṫin Ṗárao ḋe.


Agus do ḃuáil sé Móab, agus do ṫoṁuis íad lé córda, ḋa tteilgion síos go talaṁ; eaḋon lé ḋá ċórda do ṫoṁuís sé do ṫaḃairt báis, agus le héanċórda iomlán do ċongṁáil béo. Agus do ḃádar na Móabitiġ ná searḃḟoġantuiġ ag Dáiḃi, agus tugadar tioḋlaicṫe léo.


Onoruiġ haṫair agus do ṁaṫair: ionnus go ma fada do laeṫe ar an ttalaṁ noċ do ḃeir an TIĠEARNA do Ḋía ḋuit.


Giḋeaḋ má tá baintreaḃaċ ar biṫ agá ḃfuil clann no clan ċloinne, déunuidís fóġluim ar tús ar íad féin ṫaisbéunaḋ go díaġa ann a dtíġṫiḃ féin, agus ar ṁálairt do ṫáḃairt dá dtuismiġṫeóiriḃ: óir ís ní maiṫ geanaṁuil so a ḃfíaḋnuisi Dé.


¶ Ann sin ṫáinic spiorad an TIĠEARNA ar Ieṗtah, agus do ċúaiḋ sé ṫar Ġílead anonn, agus ṫar Ṁanasseh, agus do ċuáiḋ ṫar Ṁispeh Ġílead, agus ó Mispeh Ġílead do ġluáis e ṫairis go ċloinn Ammon.


Mar an gcéadna do ċeannuiġ mé Rút an Moabiteaċ, bean Ṁahlon mar ṁnáoi ḋaṁ feín, do ṫógḃáil anma an ṁaírḃ súas iona oiġreaċd, ionnus naċ gearrfuiḋe ainm an ṁairḃ amaċ ó na ḋearḃraiṫriḃ, agus ó ġeata a ionaid: is fiaġnuise siḃsi san ló a niuġ.


Agus tugadar na mná a coṁarsanna ainm air, ga ráḋ, Rugaḋ mac do Naomi, agus tugadar Obed dainm air: sé sin aṫair Iesse aṫair Ḋáiḃi.


¶ Marsin do ġaḃ Saul an rioġaċd ós cionn Israel, agus do ċaṫaiġ a naġaiḋ a náṁad a nuile ṫáoḃ, a naġaiḋ Ṁóab, agus a naġaiḋ ċloinne Ammon, agus a naġaiḋ Edom, agus a naġaiḋ ríġ Sóbah, agus a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ: agus giḋ bé taoḃ a niompoiġeaḋ é féin, do ḃúaiḋreaḋ íad.


Agus gaċ a raiḃ a ríaċtanas, agus gáċ a raiḃ a ḃfíaċaiḃ, agus gaċ áon dá raiḃ a mbúaiḋreaḋ, do ċruinniġeadar íad féin ċuige; go mbiaḋ sé na ċaiptín orra: agus do ḃí timċioll ċeiṫre ċéad fear na ḟoċair.


Agus ṫug sé a laṫair ríġ Ṁóab íad: agus do ċoṁnuiġeadar na ḟoċair an feaḋ do ḃí Daiḃi san núaṁaiġ.


Agus dínnis Samuel dó gaċ uile ní, agus níor ċeil éinní air. Agus a duḃairt seision, Sé an TIĠEARNA é: déanaḋ sé an ní is áill leis feín.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ