¶ Agus féaċ do ḃí Sádoc fós, agus na Leḃítiġ uile na ḟoċair, ag iomċar airce ċunarṫa Dé: agus do léigeadar airc Dé ar lár; agus do ċuáiḋ Abiatar súas, nó go ttáinic lé cáċ uile dul amaċ as an gcaṫruiġ.
Agus, féuċ, ṫáinic gáoṫ ṁór ón ḃfásaċ, agus do ḃuáil sí ceiṫre coirnéil an tiġe, agus do ṫuit sé air na hógánuiḃ, agus atáid marḃ; agus ṫáinic misi aṁáin am áonar as dá innisin ḋuit.
Agus Ahiah, mac Ahitub, dearḃraṫair Iċaboid, ṁic Ṗineas, ṁic Elí, sagart an TIĠEARNA ó Ṡíloh, ag iomċar eṗod. Aċd ni raiḃ a ḟios ag an bpobal gur imṫiġ Ionatan.
Agus an duine dot ṁuinntir, naċ gearrfa mé óm altóir, mairfiḋ sé do ṁilleaḋ do ṡúl, agus do ċraḋ do ċroiḋe: agus do ġeaḃuid biseaċ do ṫiġe uile bás a scoiṫ a naóise.