Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 22:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus gaċ a raiḃ a ríaċtanas, agus gáċ a raiḃ a ḃfíaċaiḃ, agus gaċ áon dá raiḃ a mbúaiḋreaḋ, do ċruinniġeadar íad féin ċuige; go mbiaḋ sé na ċaiptín orra: agus do ḃí timċioll ċeiṫre ċéad fear na ḟoċair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 22:2
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oír, atá a ḟios agadsa (ar sa Ċusai,) go ḃfuil haṫair, agus a ḋaoíne na ḃfearuiḃ cróḋa, agus go ḃfuilid air lasaḋ na ninntin, mar ṁaṫġaṁuin do ċoillfeaḋ a cuiléin sa maċaire: agus fear cogaiḋ haṫair, agus ní ċoiṁneoċa se a noċd a ḃfoċair an ṗobail.


Mar an gcéadna roiṁe so, a nuáir do ḃí Saul na ríġ ós ar gcionn, ba tusa an té do ṫreóruiġeaḋ amaċ agus do ḃeireaḋ a steaċ Israel: agus a duḃairt an TIĠEARNA riot, Beaṫoċuiḋ tú mo ṗobal Israel, agus biáiḋ tú ad ċaiptín os cionn Israel.


Fill á rís, agus innis do Heseciah caiptín mo ṗobail, Is marso a deir an TIĠEARNA, Díahaṫar Dáiḃi, Do ċuála mé hurnaiġ, agus do ċonnairc mé do ḋéora: féuċ, sláineoċuiḋ mé ṫu: ar an treas lá raċá tú súas go tiġ an TIĠEARNA.


Anois do éiġ bean áiriġ do ṁnáiḃ ṁac na ḃfáġ ċum Elisa, ġa ráḋ, Fuáir do ṡearḃḟoġantuiġ mfear bás; agus atá a ḟios agad go raiḃ eagla an TIĠEARNA air do ṡeirḃíseaċ: agus ṫáinic fear na ḃfíaċ do ḃreiṫ mo ḋeise mac leis dá mbeiṫ fá ḋaóirse aige.


Taḃraiḋ deoċ láidir don tí atá réiḋ ċum dul a muġa, agus fíon don druing ḃíos tromċroiḋeaċ.


Agus ó láeṫiḃ Eóin Baisde gus a nois a tá foiréigean dá ḋéanaṁ ar an rioġaċd neaṁḋa, agus fúaduiġid luċd ḟoiréigin í.


Tigiḋ ċugamsa, uile a ḃfuiltí tuirseaċ agus fá anúalaċ trom, agus do ḃéaraiḋ mé fúaraḋ ḋáoiḃ.


Oír dob iomċuḃaiḋ don tí, ar son a ḃfuilid na huile neiṫe, agus tré a ḃfuilid na huile neiṫe, ar dtaḃairt ṁorain cloinne ḋó ċum glóire, ceannurra a slánaiġṫe do ḋéunaṁ iomlán tré ḃuáiḋearṫuiḃ.


Annsin do ṫeíṫ Ieṗta ó na ḋearḃráiṫriḃ, agus dáitriḃ sé a gcríċ Ṫob: agus do ċruinniġeadar dáoine dioṁain ċum Ieṗtah, agus do ċuádar leis amaċ.


Agus a duḃradar clann Dan ris, ná cluintear do ġuṫ ar measg, deagla go scinnfedís daóine feargaċa ort, agus go gcaillfeá hanum, maille re hanmannuiḃ do ṁuinntire.


Agus do ḃí sí lán do ḋoilġios intinne, agus do ġuiḋ sí an TIĠEARNA, agus do ġuil sí go géar.


¶ Agus do ċuáiḋ Dáiḃi as sin go Mispeh Móab: agus a dúḃairt sé ré riġ Ṁóab, Guiḋim ṫú, tigeaḋ maṫair agus mo ṁaṫair amaċ, agus bidís ad ḟoċairsi, nó go raiḃ a ḟios agum cred ḋéana Día ar mo ṡon.


¶ Ann sin déiriġ Dáiḃi agus á ṁuinntir, timċioll sé ċéad fear, agus dfágḃadar Ceilah, agus do ċuádar giḋ bé aít ar ḟéudadar dul. Agus do hinnseaḋ do Ṡaul gur imṫiġ Dáiḃi as Ceilah, agus do sguir sé ḋul ar a aġaiḋ.


Agus a duḃairt Dáiḃi re na ṁuinntir, Cuirfiḋ gaċ éanduine aguiḃ a ċloiḋeaṁ ṫairis. Agus do ċuir gaċ áon aca a ċloiḋeaṁ ṫairis; agus do ċuir Dáiḃi mar an gcéadna a ċloiḋeaṁ ṫairis: agus do ċuáiḋ súas a ndiáiġ Ḋáiḃi timċioll ceiṫre ċéad fear; agus dfan ḋá ċéad fear ag an stór.


Agus do ḃí Dáiḃi lán do ḋóbrón; óir do luáiġeadar na daoine gaḃáil do ċloċuiḃ air, do ḃríġ go raiḃ ínntinn na ndaóine uile doilġiosaċ, gaċ eanduine ar son a ṁac agus ar son a inġean: aċ do ġaḃ Dáiḃi meisneaċ ċuige féin ann a ṪIĠEARNA Día.


A máraċ timċioll na húairesi cuirfe mé duine ċugad as tír Ḃeniamin, agus ungfuiḋ tú é ċum ḃeiṫ na ċaiptín ós cionn mo ṗobail Israel, go sáorfa sé mo ṗobal ó láiṁ na Ḃṗilístineaċ: óir dféaċ mé air mo ṗobal, do ċionn go ttáinic a ccoṁairc ċugam.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ