19 Agus do ḃúail sé Nob, caṫair na sagart, le fáoḃar an ċloiḋiṁ, éidir ḟear agus ṁnáoi, leanaṁ agus náoiḋeanán, agus eidir ḋaṁuiḃ, agus assaluiḃ, agus ċaorċaiḃ, le fáoḃar an ċloiḋiṁ.
Uimesin éireoċuiḋ ceannairg eidir do ḋaóiniḃ, agus millfiġear do ḋaingin uile, mar do ṁill Salman Bet‐arbel a ló an ċaṫa: do réubaḋ an ṁaṫair na bloḋuiḃ air muin a cloinne.
Agus a duḃradar ris, An gluin tú créd a deirid an ṁuinntirso? Agus a deir Iósa ríu, Do ċluinim; a né nar léaġaḃair, As béul leanaḃ agus náoiḋeanán cíċe do ċrioċnuiġ tú moláḋ?
¶ Agus biáiḋ an ċaṫair móidiġṫe, í féin, agus a ḃfuil inte, don TIĠEARNA: aṁáin mairfiḋ Rahab an ṁeirdreaċ, í féin agus a ḃfuil na foċair sa tiġ, do ḃríġ gur ḟoluiġ sí na teaċda do ċuireamar uáinn.
Anois éiriġ agus buáil Amalec, agus léirscrios gaċ uile ní dá ḃfuil aca, agus na coigil íad; aċ marḃ an ḃean agus an fear, an leanaṁ agus naoiḋe na cíċ, an daṁ agus an ċáora, an cáṁall agus an tassal.
Aċ do ċoigil Saul agus a nahuinntir Agag, agus an ċuid do bfeárr do na cáorċuiḃ, agus do na daṁuiḃ, agus do na méaṫuiḃ, agus do na huanuiḃ, agus gaċ éinni ḃí go maiṫ, agus nior ḃáill leó a léirsgrios: aċd gaċ einni ḋá raiḃ míṁeasta agus tarcuisneaċ, do scriosadar íad sin go hiomlán.
An sin táinic Dáiḃi go Nob go Haċimeleċ an sagart: agus do ḃí eagla ar Aċimeleċ ag teagṁáil re Dáiḃi, agus a duḃairt ris, Cred fá ḃfuil tú a táonar, gan éanduine ad ḟoċair?
¶ Ann sin do ċuir an ríġ fios ar Aċimeleċ an sagart, ṁac Ahitub, agus ar ṁuinntir ṫiġe a aṫar uile, na sagaírt do ḃí a Nob: agus ṫangadar uile ċum an ríġ.
¶ Ann sin do ḟreagair Doeg an Tédomiteaċ, (noċ do ḃí ós cionn ṡearḃḟoġantuiġeaḋ Ṡauil,) agus a duḃairt, Do ċonnairc mé mac Iesse ag teaċd go Nob go Haċimeleċ ṁac Ahitub.