Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 22:17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 ¶ Agus a duḃairt an ríġ ris na coisiġiḃ do ḃí gáċa taoiḃ ḋe na seasaṁ, Fillfiḋ, agus marḃuiḋ sagairt an TIĠEARNA; do ċionn go ḃfuil a láṁsan fós lé Dáiḃí, agus do ċionn go raiḃ a ḟios aca a núair do ṫeiṫ sé, agus nar ḟoillsiġeadar ḋaṁsa é. Aċ níor ḃáill lé muinntir an ríġ an láṁ do ṡíneaḋ ar ṡagartaiḃ an TIĠEARNA.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 22:17
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tárla na ḋiáiġ so, gur ġléus Absolon carbuid ḋo féin agus eiċ, agus cáogad fear do rioṫ roiṁe.


¶ Ann sin do árduiġ Adoniiaṫ mac Haggit é féin, ġa ráḋ, Biáiḋ misi am ríġ: agus do ġleús sé carbuid agus marcṡluáġ ḋó féin, agus cáogad fear do rioṫ roiṁe.


Agus do rinne an ríġ Rehoboam scíaṫa práis na náit, agus do ċuir sé ar láiṁ ċaiptíne an ġárda íad, noċ do ċoiṁéud dorus ṫiġ an ríġ.


Oir is aṁluiḋ do ḃí, a nuáir do ġéarr Iesebel fáiḋe an TIĠEARNA ámaċ, gur ġaḃ Obadiah céud fáiḋ, agus gur ḟoluiġ íad na ccáogad a nuaṁuiġ, agus gur ḃeaṫuiḋ sé íad lé harán agus lé huisce.)


Agus tárla, an tan do ċríoċnuiġ sé a nofráil loisge dofráil, go nduḃairt Iehu rís an ngárda agus ris na caiptíniḃ, Imṫiġiḋ asteaċ, agus marḃuiḋ íad; na léigiḋ éanduine as. Agus do ḃuáileadarsan íad lé fáoḃar an ċloiḋíṁ; agus do ṫeilg an gárda agus na caiptíniġ amaċ íad, agus do ċúadar go caṫruiġ ṫiġe Ḃaal.


Aċ do ḃí eagla Dé ar na mnáiḃ tuismiġe, agus ní ḋearnadur mar a duḃairt rí na Hégipte ríu, agus do ċuṁduiġeadur an clann ṁac beó.


Aċd ar ḃfreagra do Ṗeadar agus Deóin, a duḃradar ríu, Measuiġ féin an córa a ḃfíaḋnuise Dé, siḃsi deisdeaċd ná Día.


Agus a duḃradar an pobal re Saul, An ḃfuiġe Ionatan bás, noċ do oibriġ an tárṫáil ṁórso ann Israel? Nar léigiḋ Día: mar ṁaireas an TIĠEARNA, ní raċaiḋ ruibe do ġruáig a ċinn ċum talṁan; óir do oibriġ sé le Día a niuġ. Mar sin do ḃeanadar an pobal Ionatan amaċ, naċ ar cuireaḋ ċum báis é.


Féaċ, tiucfaid na láeṫe, go ngearrfa misi do láṁ ḋíot, agus láṁ tiġe haṫar, iondus naċ biaiḋ seanduine ann do ṫiġ.


Agus do ċaiṫ Saul bonnsaċ ris da ḃúalaḋ: as ar aiṫin Ionatan gur ċinniḋ a aṫair Dáiḃi do ṁarḃaḋ.


Agus a duḃairt Saul ris, Cred far ṫionnsguinn tusa feall am aġaiḋsi, ṫú féin agus mac Iesse, do reír mar ṫug tú arán dó, agus cloiḋeaṁ, agus gur ḟíofruiġ tú do Ḋía air a ṡon, ionnus go néireoċaḋ sé am aġaiḋsi, agus go mbíaḋ ag oirċill orum, mar atá a niuġ?


Agus a duḃairt an ríġ, Do ġeaḃa tusa bás go deiṁin, a Aċimeleċ, ṫú féin, agus muinntir ṫiġe haṫar uile.


Anois ar a naḋḃar sin bióḋ a ḟios agad agus meas cred ḋéanas tú; óir do cínneaḋ olc a naġaiḋ ar maiġistir, agus a naġaiḋ a ṫiġe uile: óir sé a leiṫeíd sin do ṁac do Ḃélial é, naċ ḃféadann duine laḃaírt ris.


Agus a duḃairt sé, Buḋ é so béasa an riġ ḃías ós ḃur gcionn: Glacfuiḋ sé ḃur mic, agus óirdeoċuiḋ sé ḋó féin íad, ċum a ċarbad, agus dá mbeiṫ na marcṡlúaġ aige; agus rioṫfuid roiṁe a ċarbaduiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ