Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 22:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Agus a duḃairt an ríġ, Do ġeaḃa tusa bás go deiṁin, a Aċimeleċ, ṫú féin, agus muinntir ṫiġe haṫar uile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 22:16
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oir is aṁluiḋ do ḃí, a nuáir do ġéarr Iesebel fáiḋe an TIĠEARNA ámaċ, gur ġaḃ Obadiah céud fáiḋ, agus gur ḟoluiġ íad na ccáogad a nuaṁuiġ, agus gur ḃeaṫuiḋ sé íad lé harán agus lé huisce.)


Ann sin do ċuir Iesebel teaċdaire go Helias, ġa ráḋ, Go ndéanuid na dée, anso riu marsin, agus tuilleaṁ fós, muna ndéarna misi do ḃeaṫasa mar ḃeaṫa ḋuine ḋíoḃsan fáoi namso a máraċ.


Agus bá tarcuisneaċ leis laṁ do ċur ann Mordecai na áonar; óir do ṫaisbeanadar muinntir Ṁordecai ḋó: uime sin díarr Háman na Iúduiġe uile do scrios do ḃí ar feaḋ rioġaċda Ahasuerus uile, eaḋon muinntir Ṁordecai.


Aṁuil ḃíos leoṁan cuṫaiġ, agus maṫġaṁuin luáimneaċ; marsin ḃíos an droċúaċtaran ós cionn na ndaóine mboċt.


Ar son na cúisisi do ḃi an ríġ feargaċ agus ro ḟíoċṁar, agus dfúagair sé duoine críonna na Babilóine uile do scrios.


Do ḟreagair an ríġ, agus a duḃairt sé ris na Caldeánaċaiḃ, Dimṫiġ an ní uáimsi: muna ttuġṫaóise fios na haislinge ḋuṁsa, maille re na ċeill, gearrfuiġear a bpiosuiḃ siḃ, agus do ḋéantar cárn aóiliġ dá ḃur ttiġṫiḃ.


Ann sín an tan do ċonnairc Iorúaiṫ, go ndearnadar na dráoiṫe fonóṁad faoi, do las sé lé feirg, agus ar gcur úaḋ, do ṁarḃ sé a raiḃ do leanbaiḃ-fear a Mbetleem, agus ann a teórannaiḃ uile, ó áois ḋá mblíaḋan nó fáoi, do reír na haimsire dfoġluim sé go diṫċiollaċ ó na dráoiṫiḃ.


Agus ar ná íarraiḋ Dioruáiḋ, agus náċ ḃfuáir, ar cceasduġaḋ an luċd coiṁéuda ḋó, dáiṫin sé a mbreiṫ amaċ ċum pionúis. Agus ar ndul siós dó ó ṫír Iúdaiġe go Séasáréa, do ċoṁnaiġ sé ann sinn.


¶ Ní cuirfiġear na haiṫre ċum báis ar son na cloinne, nó an ċlann ċum báis ar son na naiṫreaḋ: báiseoċṫar gaċ duine ar son a ċoire féin.


Agus do ḟreagair Saul, Go ndéarna Día sin agus tuilleaṁ mar an gceadna: oir do ġeaḃa tú bás go deiṁin, a Ionatan.


Oir an feaḋ ṁairfeas mac Iesse ar taluṁ, ní daingneoċar ṫusa, nó do rióġaċd. Anois uime sin cuir fios air agus taḃair ċugamsa é, óir go deiṁin caiṫfiḋ sé bás dfulang.


Nar ṫionsguin misi an lásin Día ḟiofruġaḋ air a ṡon? go maḋ fada sin uáim: ná cuíreaḋ an ríġ éinní a leiṫ a ṡearḃḟoġantuiġ, nó a leiṫ ṫiġe maṫar uile: óir ní raiḃ fios éinneiṫe ḋe so uile ag do ṡerḃíseaċ, go beag ná go mór.


¶ Agus a duḃairt an ríġ ris na coisiġiḃ do ḃí gáċa taoiḃ ḋe na seasaṁ, Fillfiḋ, agus marḃuiḋ sagairt an TIĠEARNA; do ċionn go ḃfuil a láṁsan fós lé Dáiḃí, agus do ċionn go raiḃ a ḟios aca a núair do ṫeiṫ sé, agus nar ḟoillsiġeadar ḋaṁsa é. Aċ níor ḃáill lé muinntir an ríġ an láṁ do ṡíneaḋ ar ṡagartaiḃ an TIĠEARNA.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ