Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 22:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Ann sin do ḟreagair Aċimeleċ an ríġ, agus a duḃairt, Agus cía atá coiṁḟírinneaċ re Dáiḃi a measc do ṡearḃḟoġantuiġeaḋsa uile, noċ is clíaṁuin don ríġ, agus ṡuiḃluiġeas le do ráḋa, agus atá onóraċ ann do ṫiġ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 22:14
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃradar muinntir Israel, An ḃfacaḃair an té so ṫáinic suas? go deiṁin is do ṫaḃairt masla Disrael ṫáinic sé súas: agus is aṁluiḋ ḃiás, giḋ bé duine ṁuirfios é, go ndéana an ríġ saiḋḃir é le hiomad máoine, agus go ttiuḃra a inġean dó, agus go ndéana tiġ a aṫar sáor a Nisrael.


Ar a naḋḃarsin do áṫruiġ Saul uaḋa é, agus do rinne sé a ċaiptín ós cionn ṁíle ḋe; agus do téiġeaḋ sé amaċ agus do ṫigeaḋ sé asteaċ roiṁe an bpobal.


Ar a naḋḃarsin do imṫiġ Dáiḃi, é féin agus a muhinntir, agus do ṁarḃ sé do na Ṗilistiniḃ ḋá ċéad fear; agus ṫug Dáiḃi a réaṁċroicinn leís, agus do ṫaisbeanadar íad go hiomlán don ríġ, ċor go mbíaṫ sé na ċliaṁuin ag an ríġ. Agus ṫug Saul a inġean Miċal dó na mnaói.


Agus do ḟreagair Ionatan Saul a aṫair, agus a duḃairt ris, Cred an fáṫ as a muirfiḋ é? cred do rinne sé?


Agus a duḃairt Dáiḃi re Haċimeleċ an sagart, Do aiṫin an ríġ gnoṫuiġ ḋíom, agus a duḃairt sé riom, Ná bíoḋ fios éainniṫe don naḋḃar fá ḃfuilim dot ċur, agus aiṫniġim ḋíot na bióḋ a ḟios ag éanduine: agus do ċuir mé mo ṡearḃḟoġantuiġe don náitse, agus don náit úd óile.


Agus a duḃairt Saul ris, Cred far ṫionnsguinn tusa feall am aġaiḋsi, ṫú féin agus mac Iesse, do reír mar ṫug tú arán dó, agus cloiḋeaṁ, agus gur ḟíofruiġ tú do Ḋía air a ṡon, ionnus go néireoċaḋ sé am aġaiḋsi, agus go mbíaḋ ag oirċill orum, mar atá a niuġ?


Os a ċionn sin, a aṫair, féuċ, féuċ fós, sciorta do róba am láiṁ: óir as so gur ġearr mé iaċtar do róba, agus nar ṁarḃ mé ṫú féin, aiṫin agus féuċ naċ ḃfuil olc nó urċóid am láiṁ, agus nar ċiontuiġ mé ad aġaiḋsi; aċd atá tusa ag fíaḋaċ ar manumsa ċum a ġaḃála.


Guiḋim ṫú, maíṫ cionta do ḃanóglaiċ: óir do ḋéana an TIĠEARNA go deiṁin tiġ daingean dom ṫiġearna; dó ċionn go ttróidionn mo ṫiġearna caṫa an TIĠEARNA, agus naċ fríṫ olc ionnad ar feaḋ do ṡáoġail.


Go ccúitiġiḋ an TIĠEARNA re gaċ éanduine a ḟíréantaċd agus a ionurniceas: óir ṫug an TIĠEARNA ṫusa am láiṁsi a niuġ, aċ níor ḃáill líom mo láṁ do ṡíneaḋ amaċ a naġaiḋ ungṫaiḋ an TIĠEARNA.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ