Anois a nuáir ṫáinic Meṗibóset, ṁac Ionatain, ṁic Sauil, mar a raiḃ Dáiḃi, do ṫuit sé ar a aġaiḋ, agus do rinne sé uṁla. Agus a duḃairt Dáiḃi, A Ṁeṗibóset. Agus do ḟreagair seision, Féuċ do ṡearḃḟoġantuiġ!
¶ Ann sin do ċuir an ríġ fios ar Aċimeleċ an sagart, ṁac Ahitub, agus ar ṁuinntir ṫiġe a aṫar uile, na sagaírt do ḃí a Nob: agus ṫangadar uile ċum an ríġ.
Agus a duḃairt Saul ris, Cred far ṫionnsguinn tusa feall am aġaiḋsi, ṫú féin agus mac Iesse, do reír mar ṫug tú arán dó, agus cloiḋeaṁ, agus gur ḟíofruiġ tú do Ḋía air a ṡon, ionnus go néireoċaḋ sé am aġaiḋsi, agus go mbíaḋ ag oirċill orum, mar atá a niuġ?
Ann sin a duḃairt Saul re na ṁuinntir do ḃí gaċa táoḃ ḋé, Eístiġ anois, a Ḃeniamíteaċa; an ttiuḃra mac Iesse do gaċ aon aguiḃsi maċairiġ agus fineaṁna? a ndéana sé ḋáoiḃ uile caiptiniġ ar ṁíltiḃ, agus caiptíniġ ar ċéaduiḃ?