Agus seasfa sé a laṫair Eleasar an sagart, noċ íarrfus coṁairle ḋó do réir breiṫeaṁnus Urim a laṫair an TIĠEARNA: do réir a ḟocailsion raċfuid síad amaċ, agus do réir a ḟocailsion tiocfuid síad a steaċ, eision fós, agus clann Israel uile maille ris, eaḋon an coṁċruinniuġaḋ uile.
Uimesin dfíafruiġeadar don TIĠEARNA a rís, An ttiucfaḋ an tóglaċ fós ċuca. Agus do ḟreagair an TIĠEARNA, Féaċuiḋ, dfoluiġ sé é féin a measc na caráiste.
¶ Ann sin do ċuir an ríġ fios ar Aċimeleċ an sagart, ṁac Ahitub, agus ar ṁuinntir ṫiġe a aṫar uile, na sagaírt do ḃí a Nob: agus ṫangadar uile ċum an ríġ.
Agus a duḃairt Saul ris, Cred far ṫionnsguinn tusa feall am aġaiḋsi, ṫú féin agus mac Iesse, do reír mar ṫug tú arán dó, agus cloiḋeaṁ, agus gur ḟíofruiġ tú do Ḋía air a ṡon, ionnus go néireoċaḋ sé am aġaiḋsi, agus go mbíaḋ ag oirċill orum, mar atá a niuġ?
Nar ṫionsguin misi an lásin Día ḟiofruġaḋ air a ṡon? go maḋ fada sin uáim: ná cuíreaḋ an ríġ éinní a leiṫ a ṡearḃḟoġantuiġ, nó a leiṫ ṫiġe maṫar uile: óir ní raiḃ fios éinneiṫe ḋe so uile ag do ṡerḃíseaċ, go beag ná go mór.
Uime sin dfíafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA, ġa ráḋ, An raċa mé agus an mbúailfe mé na Ṗilistiniġ? Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Dáiḃi, Eiriġ agus buail na Ṗilistiniġ, agus tárrṫuiġ Ceilah.
Ann sin dfíafruiġ Dáiḃi fós a rís don TIĠEARNA. Agus do ḟreagair an TIĠEARNA é, agus a duḃairt, Eiriġ, imṫiġ síos go Ceilah; óir do ḃéara misi na Ṗilistíniġ ad laíṁ.
Agus dfiafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA, ġa ráḋ, A ndéana mé tóruiġeaċd ar a tslúaġ so? an mbéara mé orra? agus do ḟreagair seision é, Lean íad: óir béara tú go deiṁin orra, agus gan ċunntaḃairt beanfa tú an tiomlán díoḃ.