7 Anois do ḃí duine áiriġ do ṁuinntir Ṡauil annsin an lásin, ar na ċongṁáil a laṫair an TIĠEARNA; agus a sé dob ainm ḋó Doeg, Edomíteaċ, ceann na náoḋuireaḋ do ḃí ag Sául.
Agus do imreasadur áoḋairiḋe Gérar ré háoḋairiḃ Isaac, ag ráḋ, As linne an tuisge: agus do ġoir sé dainm don tobar Esec; do ċionn go ndearnsad imreasan ris.
Mar an gcéadna do rinne sé tuir annsa díoṫraṁ, agus do ṫocuil sé mórán tobar: óir do ḃí iomarcuiḋ áirnéise aige, san tír íoċdaruiġ aráon, agus annsna réitiḃ: luċd tiġeaduis mar an ccéadna, agus luċd déanta fíneaṁna annsna sléiḃtiḃ, agus ann Carmel: óir dob ionṁuin leis tiġeaḋus.
Agus tigid síad ad ċoinne mar ṫigid an pobal, agus suiġid dot laṫair mar mo ḋaóinesi, agus cluinid do ḃríaṫra, aċt ní háill léo a ndéanaṁ: óir taisbeanuid síad mórán gráḋa le na mbéul, agus téid a ccroiḋe do réir a sainte.
Aċd má ḃíonn inġean an tsagairt na baíntreaḃuiġ, nó dealuiġe, nó naċ bía clan aice, agus go ḃfillfiḋ sí go tíġ a haṫar, do nós a haoise óige, íosuiḋ sí do ḃíaḋ a haṫar: aċd ní íosfuiḋ éancoiṁiḋeaċ ḋe.
Ag ráḋ, Cá huáir raċus an ġealaċ núaḋ uáinn, ċor go reacfam arḃar? agus an tsábboid, le ccuirfemís cruiṫneaċt amaċ, ag déanaṁ an eṗah beag, agus an tsecel mór, agus ag fallsuġaḋ na ccoṁṫrom le mealltoireaċd?
Agus, féaċ, ṫáinic Saul a ndiáiġ an tsealḃ ó na maċairiġiḃ, agus a duḃairt Saul, Cred do imṫiġ ar an bpobal as a nguilid síad? agus dinnisiodar ḋó scéula ṁuinntire Iábes.
¶ Marsin do ġaḃ Saul an rioġaċd ós cionn Israel, agus do ċaṫaiġ a naġaiḋ a náṁad a nuile ṫáoḃ, a naġaiḋ Ṁóab, agus a naġaiḋ ċloinne Ammon, agus a naġaiḋ Edom, agus a naġaiḋ ríġ Sóbah, agus a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ: agus giḋ bé taoḃ a niompoiġeaḋ é féin, do ḃúaiḋreaḋ íad.
¶ Agus a duḃairt Dáiḃi re Aċimeleċ, Agus naċ ḃfuil annso ar do ċumas gaṫ nó cloiḋeaṁ? óir ní ṫug misi mo ċloiḋeaṁ nó marm oile líom, do ċionn nar ḃfuláir deiṫnios do ḋéanaṁ le gnoiḋṫuiġ an ríġ.
Agus a duḃairt Dáiḃi re Abíatar, Do ḃí a ḟios agum an lásin, a núair do ḃi Doeg an Tédomíteaċ annsin, gur ḋeiṁin go ninneósaḋ sé do Ṡaul: is misi as cionfaṫa re bás ḋáoineaḋ ṫiġe haṫar uile.
¶ Ann sin do ḟreagair Doeg an Tédomiteaċ, (noċ do ḃí ós cionn ṡearḃḟoġantuiġeaḋ Ṡauil,) agus a duḃairt, Do ċonnairc mé mac Iesse ag teaċd go Nob go Haċimeleċ ṁac Ahitub.