4 Agus do ḟreagair an sagart Dáiḃi, agus a duḃairt, Ní ḃfuil arán coitċeann ar biṫ fám láiṁ, aċd atá arán coisreacṫa ann; má ċongṁadar na hoganuiġ íad féin ní fa luġa ḋe ó ṁnáiḃ.
Agus do laḃairt ris na sagartaiḃ noċ do ḃí a ttiġ ṪIĠEARNA na slóġ, agus ris na fáiġiḃ, ag ráḋ, Nar ċóir ḋaṁsa gul da ḋéanaṁ annsa ċuigeaḋ mí, dom ḋealuiġaḋ féin, mar do rinne mé an móran blíaḋansa?
Ná meallaiḋ a ċéile, aċd aṁáin do ṫoil a ċéile air feaḋ tamuill, ċum siḃ féin do ṫaḃairt do ṫrosgaḋ agus dúrnaiġe; agus a rís taguiḋ a gceann a ċéile, deagla go gcuirfeaḋ Satán caṫuġaḋ oraiḃ tre ḃur neaṁġeanmnuiḋeaċd.
Ann sin ṫug an sagart arán coisreacṫa ḋó: óir ní raiḃ arán ar biṫ ann aċd an tarán taisbéanta, noċ do ṫógḃaḋ as fiaġnuise an TIĠEARNA, do ċur aráin teiṫ annsa ló ar tógḃaiḋ as é.