Agus do ḟíarfuiġeadar dáoine na háite ḋe a ttáoḃ a ṁná; agus a duḃairt seision, A sí mo ḋeirḃṡíur í: óir dob eagla leis a ráḋ, a sí mo ḃean í; ar eagla, ar seision, go muirfidís muinntir na háite mé fá Rebecah; do ċionn go raiḃ breáḋa re féaċuin uirre.
Agus do áṫruiġ sé a ḃéasa ḋá laṫairsion, agus do léig air féin ḃeiṫ ar buíle ann a láṁuiḃ, agus do scríobaḋ ar ḋoirsiḃ an geata, agus do léigeaḋ a ṡeile tuitim a nuas ar a ḟéasoig.