11 Agus a duḃradar searḃḟoġantuiġe Aċis ris, Naċ é so Dáiḃi ríġ na críċe? naċ duḃradar aḃráin ó ḃéul go beul dóa ndaḃsuiḃ, ġa ráḋ, Do ṁarḃ Saul a ṁílte, agus Dáiḃi a ḋeiċ mílte?
Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Samuel, Gá fad ḃías tú ag dó ḃrón tre Ṡaul, ó ċuir misi ar gcúl é ó ḃeiṫ na ríġ ós cionn Israel? líon haḋarc dola, agus imṫiġ, cuirfiḋ misi ṫú ċum Iesse an Betlehemíteaċ: do ṫoġ mé ríġ ḋaṁ féin a measc a ṁac.
¶ Mar sin do ṫeiṫ Dáil hi, agus do ċuáiḋ as, agus ṫaínic go Samuel go rámah, agus dinnis dó gaċ a ndeárna Saul ris. Agus dimṫiġ sé féin agus Samuel agus do ċoṁnuiġeadar a Naiot.
Agus a duḃairt Dáiḃí iona ċroiḋe, Muirfiġear me anois lá éigin le láiṁ Ṡauil: ní ḃfuil ní ḃus féarr ḋaṁ ná imṫeaċd gó lúaṫ go dúiṫċe na Ḃṗilistineaċ; agus raċaiḋ Saul a néadoṫċus dom ṫáoḃ, gan míarruiḋ ó sin amaċ a néanċósta Disrael: agus mar sin imeoċa mé as a láṁuiḃ.