1 An sin táinic Dáiḃi go Nob go Haċimeleċ an sagart: agus do ḃí eagla ar Aċimeleċ ag teagṁáil re Dáiḃi, agus a duḃairt ris, Cred fá ḃfuil tú a táonar, gan éanduine ad ḟoċair?
Cionnas do ċúaiḋ se a sdeaċ a dtiġ Dé an tan do ḃí Abiaṫar na árdṡagart, agus do iṫ sé arán na fíaḋnuisi, naċ ar ċeaduiġeaċ diṫe aċd do na sagartuiḃ, agus fós tug sé é don dréim do ḃí maille ris?
Agus Ahiah, mac Ahitub, dearḃraṫair Iċaboid, ṁic Ṗineas, ṁic Elí, sagart an TIĠEARNA ó Ṡíloh, ag iomċar eṗod. Aċd ni raiḃ a ḟios ag an bpobal gur imṫiġ Ionatan.
Agus do rinne Samuel gaċ ní da nduḃairt an TIĠEARNA, agus ṫáinic se go Betlehem. Agus do ċrioṫnuiġeadar sinnsir an ḃaile re na ṫeaċd, agus a duḃradar, An go síoṫċánta ṫig tusa?