9 Agus a duḃairt Ionatan, Go maḋ fada úaitsi sin: óir dá mbeiṫ a ḟios agamsa go dearḃṫa go mbíaḋ olc dá ṫionnscnaṁ ċugad óm aṫair, a né naċ inneosuinn duit é?
Aċ do ḃí dúil ṁór ag Ionatan mac Ṡauil a Ndáiḃi: agus dinnis Ionatan do Ḋáiḃi, gá ráḋ, Atá maṫair Saul ag íarruiḋ do ṁarḃṫa: a nois ar a naḋḃarsin, guiḋim ṫú, taḃair aire ḋuit féin go maidin, agus fan a náit ṡecréidiġ, agus foluiġ ṫú féin:
Agus raċaiḋ misi amaċ agus seasfuiḋ mé ré taóiḃ maṫar annsa maċaire mar a mbía tusa, agus laiḃeoruiḋ mé rem aṫair dot ṫaoḃsa; agus giḋ bé ní ċífeas mé, inneosa mé ḋuitse é.
Agus dfúagair Ionatan a ndiáiġ an ḃúaċalla, Déana deiṫnios, lúaṫuiġ, ná fan. Agus do ṫog búaċuill Ionataín na saiġde, agus ṫáinic go nuige a ṁaiġistir.
Agus a duḃairt Ionatan re Dáiḃi, Imṫiġ a síoṫċain, do ḃríġ go ttug gaċ nduine aguinne aráon a ṁionna a nainm an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Bioḋ an TIĠEARNA eadrumsa agus tusa, agus eidir mo ṡlioċdsa agus do ṡlioċtsa go bráṫ. Agus déiriġ seision agus dimṫiġ sé: agus do ċuaiḋ Ionatan don ċaṫruiġ.
Ar a naḋḃarsin do ġeaḃṫar go maiṫ ar do ṡeirḃíseaċ ṫú; óir ṫug tú do ṡeirḃíseaċ do ḋéanaṁ cunnarṫa riot ann sa TIĠEARNA: giḋeaḋ, matá olc ionnamsa, marḃ féin mé; cred fá mbéartá ċum haṫar mé?