Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 20:41 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

41 ¶ Agus ar ball ar imṫiġ an buaċuill, déiriġ Dáiḃi ón ttaoḃ ó ḋeas, agus do ṫuit ar a aġaiḋ ċum na talṁan, agus do ċrom sé é féin trí huáire: agus do ṗógadar a ċéile, agus do ġuileádar le ċéile, nó gur ṡáruiḋ Dáiḃi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 20:41
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṗóg Iacob Ráċel, agus do ṫóg súas a ġuṫ, agus do ġuil.


Agus tárla, a núair do ċúaluiḋ Lában sgéula ṁic a ḋerḃṡeaṫraċ, gur riṫ sé na ċoinne, agus gur ṫeann ris é, agus tug póg ḋó, agus tug leis é dá ṫiġ: agus do innis Iacob na neiṫe si uile do Lában.


Agus do riṫ Esau na ċoinne, agus do ṫeann ris é, agus do luiḋ ar a ṁuinéul, agus do ṗóg é: agus do ġuileadur.


Agus dob é Ióseṗ dob uaċdarán ós cionn na tíre uile, agus is eision do reacaḋ ré daoiniḃ na tíre úile agus tangadar dearḃráiṫre Ióseṗ, agus do uṁluiġéadur íad féin sios dá laṫair lé na naigṫiḃ go talaṁ.


Agus do ḟreagradarsan, Atá do ṡeirḃíseaċ ar naṫairne a slainte ṁaiṫ, atá sé beó fós. Agus do ċromadar síos a ccinn, agus do rinneadur nṁla.


Os á ċionn sin fós do ṗóg sé a ḋearḃráiṫre uile, agus do ġuil orra: agus na ḋiáiġ sin do ċoṁráiḋeadar a ḋearḃráiṫre ris.


Tárla a deirím an treas la, féuċ, go ttáinic duine ón ċampa ó Ṡaul agus a éadaċ brisde, agus cré ar a ċeann: agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir ṫáinic sé ċum Dáiḃi, gur ṫuit sé ċum talṁan, agus go ndéarna sé uṁlaċd.


Atáimsi doilġiosaċ ṫríod, a ḋearḃraṫair Ionatan: bá roṡólasaċ ḋaṁsa ṫú: dob iongantaċ do ġráḋ orum, ag saruġaḋ ġráḋ na mban.


¶ Agus a nuáir do laḃair an ḃean do Ṫecoah ris an ríġ, do ṫuit sí ar a haġaiḋ ċum na talṁan, agus do rinne uṁla, agus a duḃairt sí, Tárrṫuiġ, O a ríġ.


Agus do ċúadar an pobal uile anonn tar Iordan. Agus a nuáir ṫáinic an ríġ a nail, do ṗóg an ríġ Barsillai, agus do ḃeannuiġ é; agus dfill sé ḋá áit féin.


Anois a nuáir ṫáinic Meṗibóset, ṁac Ionatain, ṁic Sauil, mar a raiḃ Dáiḃi, do ṫuit sé ar a aġaiḋ, agus do rinne sé uṁla. Agus a duḃairt Dáiḃi, A Ṁeṗibóset. Agus do ḟreagair seision, Féuċ do ṡearḃḟoġantuiġ!


Agus do ċrom Bat‐seba, agus do rinne sí uṁla don ríġ. Agus a duḃairt an riġ, Cred is áill leaċdsa?


Agus do innsiodar don ríġ ḋá ráḋ, Féuċ Nátan an faíḋ. Agus an tan ṫáinic sé a steaċ a ḃfiaḋnuise an ríġ, do ċláon sé é féin a laṫair an ríġ le na aġaiḋ ċum na talṁan.


Annsin do ċrom Bat‐séba lé na gnúis ċum na talṁan, agus do rinne sí uṁla don ríġ, agus a duḃairt, Go mairiġ mo ṫiġearna Dáiḃi ríġ go síorruiḋe.


Ann sin do ġuileadar uile go mór, agus ag luiġe ar ṁuinéul Ṗóil, do ṗógadar é,


An sin do ġlac Samuel soiṫeaċ ola, agus do ḋóirt air a ċeann é, agus do ṗóg é, agus a duḃairt, Naċ uime dungaiḋ an TIĠEARNA ṫu ċum ḃeiṫ ad ċaiptín ós cionn a oiġreaċda?


Ann sin do rinne Ionatan agus Dáiḃi cunnraḋ, do ċionn gur ḃionṁuín leis é mar a anum féin.


Agus ṫug Ionatan a airm dioḃraice dá ḃuaċuill, agus a duḃairt ris, Imṫiġ, beir íad so don ċaṫruiġ.


Agus a duḃairt Dáiḃi re Saul, Créd fa gcreideann tú bríaṫra ḋaóine, a deir, Féuċ, atá Dáiḃi ar tí hurċóide?


Agus a núair do ċonnairc Abigail Dáiḃi, do lúaṫuiġ sí uirre, agus do ṫuirling sí don nassal, agus do ṫuit ar a haġaiḋ a ḃtiaḋnuisi Ḋáiḃí, agus do ċláon í féin go taluṁ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ