Agus, féuċ, cuirfe mé búaċaill, ġa ráḋ, Eiriġ, faġ na saiġde. Má deirim go soilleír ris an mbuaċaill, Féuċ, atáid na saiġde don táoḃso ḋíot, gaḃ íad; annsin tarr ṫusa: óir biáiḋ síoṫċáin duit, agus ní ḃía doċar ar biṫ; mar ṁaireas an TIĠEARNA.
Agus a nuáir ṫáinic an buaċaill go háit na saiġde noċ do ċaiṫ Ionatan, dfúagair Ionatan a ndiáiġ an ḃúaċalla, agus a duḃairt, Naċ ḃfuil an tsoiġead roṁad?
Agus a duḃairt Ionatan re Dáiḃi, Imṫiġ a síoṫċain, do ḃríġ go ttug gaċ nduine aguinne aráon a ṁionna a nainm an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Bioḋ an TIĠEARNA eadrumsa agus tusa, agus eidir mo ṡlioċdsa agus do ṡlioċtsa go bráṫ. Agus déiriġ seision agus dimṫiġ sé: agus do ċuaiḋ Ionatan don ċaṫruiġ.