Agus du ċonnairc Ióseṗ a ḋearḃráiṫre, agus do aiṫin íad, aċ do ċonnaiṁ é féin úaṫa, agus dó laḃair go garḃ ríu: agus a duḃairt ríu, cáit as a ttangaḃairsi? Agus a duḃradarsan, as tir Ċánaain, do ċeannaċ bíḋ.
Agus a duḃairt Ionatan, Go maḋ fada úaitsi sin: óir dá mbeiṫ a ḟios agamsa go dearḃṫa go mbíaḋ olc dá ṫionnscnaṁ ċugad óm aṫair, a né naċ inneosuinn duit é?
¶ Agus do ḟreagair Nábal searḃísiġ Ḋáiḃi, agus a duḃairt, Cía hé Dáiḃi féin? agus cía hé mac Iesse? bíd mórán searḃḟoġantuiġ ar a naimsirsi ḃrisios amaċ gaċ éanduine aca óna ṁaiġistir.
¶ Agus dinnis duine do na hógánaċaiḃ do Abigail, bean Nabal, ġa ráḋ, Féuċ, do ċuir Dáiḃi teaċda as a ḃfásaċ do ḃeannuġaḋ dar maiġistir; agus do ḃuail sé ag géaruiġeaċd orra.
Anois ar a naḋḃar sin bióḋ a ḟios agad agus meas cred ḋéanas tú; óir do cínneaḋ olc a naġaiḋ ar maiġistir, agus a naġaiḋ a ṫiġe uile: óir sé a leiṫeíd sin do ṁac do Ḃélial é, naċ ḃféadann duine laḃaírt ris.