Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 20:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus do ṫeiṫ Dáiḃi ó Naioṫ ann Rámah, agus a duḃairt sé a laṫair Ionatan, Cred do rinne me? cred í mo ċoir? agus cread é mo ṗeacaḋ a ḃfiaġnuise haṫair, as a ḃfuil sé ag íarruiġ mo ḃáis?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 20:1
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oír déirġiodar coigcríċe súas am aġaiḋ, agus íarruid luċd sáruiġṫe manam: níor ċuireadar Día ós a ccoinne. Selah.


Oír a sé so ar ngáirdeaċaisne, fíaḋnuisi ar ccoinnsiáis, gur a neaṁurċóid agus a ḃfíorġloine ḋíaḋa, agus naċ a ngliocas colluiḋe, aċd maille ré grás Dé, do ḃí ar gcoinḃearsáid sa tsáoġal, agus go mórṁór eadruiḃsi.


As éol don Tíġearna na dáoine díaġa ṡáoraḋ ó ċaṫuġaḋ, agus na dáoine neiṁḟiréunta ċoiṁéud go lá an ḃreiṫeaṁnuis a bpíannuid:


A ċáirde, muna ndáoruiġ ar gcroiḋe sinn, as éidir linn ḃeiṫ dána ar Ḋía.


Féaċuiḋ, atáim annso: déanuiḋ fiaḋnuisi am aġaiḋ a laṫair an TIĠEARNA, agus a laṫair a ungṫuiḋ: Cía agaiḃ dar ḃean mé a ḋaṁ? nó cía dar ḃean mé a assal? no cía do ṁeall mé? no cía do ġortuiġ mé? nó cía hí an láṁ as ar ġlac mé cuṁa ar biṫ do ḋallaḋ mo ṡul leis? agus aiseoga mé ḋíḃ é.


Agus do laḃair Saul re Ionatan a ṁac, agus re na ṡerḃíseaċaiḃ uile, go marḃaidís Dáiḃi.


¶ Mar sin do ṫeiṫ Dáil hi, agus do ċuáiḋ as, agus ṫaínic go Samuel go rámah, agus dinnis dó gaċ a ndeárna Saul ris. Agus dimṫiġ sé féin agus Samuel agus do ċoṁnuiġeadar a Naiot.


Agus a duḃairt seision ris, Nár leígiḋ Día; ni muirfiġear ṫú: féuċ, ní ḋéana maṫair éinní beag ná mór, naċ inneosaiḋ sé ḋaṁsa: agus créd fá gceilfeaḋ maṫair an ní so orum? ní marsin atá.


Agus do ḟreagair Ionatan Saul a aṫair, agus a duḃairt ris, Cred an fáṫ as a muirfiḋ é? cred do rinne sé?


Os a ċionn sin, a aṫair, féuċ, féuċ fós, sciorta do róba am láiṁ: óir as so gur ġearr mé iaċtar do róba, agus nar ṁarḃ mé ṫú féin, aiṫin agus féuċ naċ ḃfuil olc nó urċóid am láiṁ, agus nar ċiontuiġ mé ad aġaiḋsi; aċd atá tusa ag fíaḋaċ ar manumsa ċum a ġaḃála.


Go ndéana an TIĠEARNA breiṫeaṁnus eadrumsa agus tusa, agus go ndioġla an TIĠEARNA misi ort: aċd ní ḃeanfa mo láṁsa riot.


Agus a duḃairt sé re Daiḃi, Is fíreanta ṫusa ná misi: óir do ċúitiġ tusa misi le maiṫ, a náit a nuílc do rinne mé ort.


Agus a duḃairt Dáiḃi re Saul, Créd fa gcreideann tú bríaṫra ḋaóine, a deir, Féuċ, atá Dáiḃi ar tí hurċóide?


Agus a duḃairt sé, Cred é an fáṫ as a ḃfuil mo ṫiġearna mar so ag foileanṁuinn a ṡearḃḟoġantuiġ? óir cred do rinne mé? nó cred an tolc atá am láiṁ?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ